skip to main content

Ionsaí ar thaidhleoir Éireannach sa tSúdáin cáinte

Fir atá dílis don Ghinearál Burhan i bPort na Súdáine
Fir atá dílis don Ghinearál Burhan i bPort na Súdáine

Tá sé dearbhaithe ag an Aire Gnóthaí Eachtracha, an Tánaiste Micheál Martin, nár gortaíodh go dona Ambasadóir an Aontais Eorpaigh sa tSúdáin, an taidhleoir Éireannach, Aidan O'Hara, nuair a ionsaíodh é ina áras cónaithe sa phríomhchathair Cartúm aréir.

Níor tugadh aon eolas eile faoin ionsaí agus níl sé soiléir cén bhaint atá ag an scéal leis na caismirtí atá ar siúl idir dhá mhórghrúpa mhíleata i gCartúm faoi láthair.

Dúirt Micheál Martin gur sárú tromchúiseach é an t-ionsaí ar na hoibleagáidí idirnáisiúnta atá ar stáit de réir Choinbhinsiún Vín taidhleoirí a chosaint.

Taidhleoir Éireannach agus Eorpach den scoth is ea Aidan O'Hara, arsa sé, a bhfuil a chuid dualgas á gcomhall aige thar ceann an Aontais Eorpaigh ainneoin cúrsaí a bheith chomh dona agus atá sa tSúdáin.

Tá Aidan O'Hara 58 bliain d'aois agus ceapadh é mar Ambasadóir an Aontais Eorpaigh sa tSúdáin anuraidh.

Aidan O'Hara

D'iarr Micheál Martin ar an dá dhream atá in árach a chéile i gCartúm éirí as an gcogaíocht agus dul i muinín comhráite réitigh.

Áirítear thart ar 200 duine a bheith maraithe agus 1,800 a bheith gortaithe de bharr na cogaíochta sa chathair le trí lá.

Rialtas míleata atá i gcumhacht sa tSúdáin agus is imreas agus iomaíocht idir cheannaire agus leascheannaire na tíre is siocair leis an gcoimhlint.

Sin iad an Ginearál Abdel Fattah al-Burhan, a bhfuil bunáite an airm dílis dó, agus Mohamed Hamdan Dagalo, a bhfuil fórsa mór paraimíleata faoina cheannas.

Easaontas idir an bheirt faoi aistriú na cumhachta go dtí rialtas sibhialtach – má tharlóidh sé – is ea an chnámh spairne.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ