skip to main content

Hutch faighte neamhchiontach i ndúnmharú David Byrne

Gerard Hutch taobh amuigh den chúirt inniu
Gerard Hutch taobh amuigh den chúirt inniu

Sa Chúirt Choiriúil Speisialta, fuarthas neamhchiontach Gerard Hutch as Baile Átha Cliath i ndúnmharú David Byrne a lámhachadh in Óstán an Regency i bhFionnbhrú i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath seacht mbliana ó shin.

Bhain an dúnmharú le himreas idir dhronga coireachta Hutch agus Kinahan ar maraíodh ocht nduine dhéag dá bharr.

Bhí sé á mhaíomh ag an ionchúiseamh go raibh Gerard Hutch ar dhuine de bheirt a bhí gléasta mar Ghardaí agus a lámhach David Byrne i bhforsheomra fáiltithe an óstáin ar an 5 Feabhra 2016.

Dúirt na breithiúna, áfach, cé gur thug cuid den fhianaise sa triail le tuiscint go mb'fhéidir gur thug Gerard Hutch a bheannacht don ionsaí lámhaigh, nárbh in le rá go raibh sé féin ar an mball ná páirteach ann go pearsanta.

Go deimhin, arsa na breithiúna, is ar luas lasrach a tharla gach rud san óstán an lá úd agus ní thagann comharthaí sóirt na n-ionsaitheoirí – de réir mar a léiríonn ceamaraí slándála iad – ní thagann siad le comharthaí sóirt Gerard Hutch a bhí os cionn leathchéad bliain d'aois ag an am.

David Byrne

Níos túisce sa chúirt, ciontaíodh beirt fhear eile i gcabhrú le heagraíocht choireachta David Byrne a dhúnmharú trí fheithicilí a chur fáil.

Sin iad Paul Murphy, tiománaí tacsaí 61 bliain, as Ascaill na Silíní, Sord agus Jason Bonney, tógálaí 52 bliain, as Coill Dhroimní, Port Mearnóg.

Paul Murphy agus Jason Bonney

Rialaigh an chúirt go raibh Paul Murphy ar dhuine de na daoine a thug an dream a mharaigh David Byrne ón láthair go gairid i ndiaidh an ionsaithe.

Ciontaíodh Jason Bonney i nduine de na marfóirí – Kevin Murray nach maireann – a thabhairt ó láthair an ionsaithe ina ghluaisteán.

Chaith na breithiúna amhras mór ar chuid den fhianaise a thug Paul Murphy agus Jason Bonney – agus ar chuid den fhianaise a tugadh ar a son – faoina raibh á dheánamh acu ar an 5 Feabhra 2016.

Chaith siad amhras freisin ar chuid mhór den fhianaise a thug iarchomhairleoir de chuid Shinn Féin Jonathan Dowdall in aghaidh Gerard Hutch.

Mhaígh Jonathan Dowdall go ndúirt Gerard Hutch leis gurbh é féin agus fear eile a mharaigh David Byrne.

Jonathan Dowdall

Tá téarma príosúin cheithre bliana á chur isteach ag Jonathan Dowdall faoin mbaint a d'admhaigh sé a bhí aige féin le marú David Byrne.

Dar leis gur thug sé féin agus a athair eochairchárta seomra in Óstán an Regency do Gerard Hutch roimh an marú.

Tar éis dó cruthú ar a iarchomrádaí, tabharfar coimirice do Jonathan Dowdall faoin gClár Tearmann Finné nuair a scaoilfear saor ón bpríosún é.

Níor chreid na breithiúna, áfach, gur inis Jonathan Dowdall an fhírinne iomlán sa chúirt le linn na trialach agus dúirt siad gur ar mhaithe leis féin a thug sé fianaise in aghaidh Gerard Hutch.

Nuair a bhí an focal scoir ráite ag na breithiúna, d'fhág Gerard Hutch an chúirt ina aonar – seachas na nuachtóirí a bhí sna sála aige – agus shiúil sé cúpla céad slat sula ndeachaigh sé isteach i dtacsaí.

Níor fhreagair sé ceisteanna na nuachtóirí, áfach, agus bhailigh sé leis sa tacsaí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ