skip to main content

Joe Biden ar cuairt ar láthair oilithreachta Chnoc Mhuire

Joe Biden in Aerfort Chnoc Mhuire
Joe Biden in Aerfort Chnoc Mhuire

Thug Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden cuairt ar scrín bheannaithe na Maighdine Muire i gCnoc Mhuire, Co Mhaigh Eo, tráthnóna.

Bhí an tAire Iompair Éamon Ryan agus an Teachta Dála áitiúil Dara Calleary i measc na n-uaisle a chuir fáilte roimh an Uachtarán Biden ar rúidbhealach Aerfort Chnoc Mhuire go gairid tar éis 2 a chlog.

Go luath ina dhiaidh sin, thug sé aghaidh ó dheas ar an láthair oilithreachta sa Droim.

Tá beirt de theaghlach Joe Biden in éineacht leis – a dheirfiúr Valerie Biden Owens agus a mhac Hunter Biden.

An tAthair Richard Gibbons agus Joe Biden taobh leis an mósáic den Taispeánadh i mBaisleac Mhuire

Thug an sagart paróiste an tAthair Richard Gibbons turas na scríne agus Bhaisleac Mhuire don Uachtarán Biden, áit a bhfaca sé an mhósáic cháiliúil de Thaispeánadh na Maighdine.

Thaispeáin an tAthair Gibbons dó chomh maith a bhfuil fanta - agus ní mórán é - de bhalla na chéad scríne san áit a bhfuil Séipéal an Taispeánta anois.

Thug an balla uaidh tar éis don iliomad cuairteoirí na clocha a thabhairt abhaile leo amhail is dá mba cheiríní beannaithe iad.

An chuid is aistí den scéal gur bhronn an tAthair Gibbons ceann de na clocha ar an Uachtarán Biden tráthnóna!

Is ag Dia atá a fhios agus is é atá tíolacthach tabharthach!

An tAthair Gibbons agus Joe Biden ag seanbhalla na scríne

I Séipéal an Taispeánta, chas an tUachtarán Biden agus a mhac Hunter le hiarshéiplíneach in Arm Mheiriceá, an tAthair Frank O'Grady.

Bhí an tAthair O'Grady ar dhuine de na daoine a thug aire do mhac eile Joe Biden - Beau - nuair a bhí sé go dona tinn in ospidéal míleata in Washington.

Is é a chuir an Ola Dhéanach ar Beau Biden sular bhásaigh sé san ospidéal sin in 2015.

Tháinig na deora le súile an Uachtaráin ar chasadh an Athar O'Grady dó.

Is cosúil nach raibh a fhios ag an Athair Gibbons faoin gceangal idir an bheirt fhear.

Is ag Dia atá a fhios ...!

An tAthair Frank O'Grady

As sin, chuaigh an tUachtarán ar cuairt chuig Ospís Mhaigh Eo-Ros Comáin atá suite i gCnoc Mhuire.

Chas Joe Biden céad fhód na hospíse an uair dheireanach a bhí sé i Maigh Eo in 2017.

Bhuail sé le duine dá ghaolta i bhfad amach Laurita Blewitt ag doras na hospíse, áit a bhfuil plaic i gcuimhne Beau Biden.

Laurita Blewitt (ar clé), Hunter Biden (an tríú duine ar clé), Joe Biden agus Valerie Biden Owens (le taobh an Uachtaráin) ag breathnú ar an bplaic chuimhneacháin

Tháinig na deora le súile an Uachtaráin arís nuair a chonaic sé an phlaic.

Go hInis Cua ansin leis le roinnt sloinnteoireachta a dhéanamh in Ionad Oidhreachta agus Ginealais Thuaisceart Mhaigh Eo.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ