Tabharfaidh Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden aghaidh ar Mhaigh Eo inniu, mar a bhfuil ócáidí éagsúla á reáchtáil ina onóir, an lá deireanach dá chuairt oifigiúil ar Éirinn.
Bainfidh sé Aerfort Chnoc Mhuire amach ag thart ar am lóin agus tabharfaidh sé cuairt ar an scrín bheannaithe ansin go luath ina dhiaidh sin.
As sin, is ar Inis Cua ar chiumhais thiar Loch Con a bheas a thriall.
Is ann atá Ionad Oidhreachta agus Ginealais Thuaisceart Mhaigh Eo, áit a bhfoghlaimeoidh Joe Biden tuilleadh faoina shinsear féin.
Duine de chlann Angla-Normannach Blewitt (Blaod nó Bliúit i nGaeilge) ab ea seanathair a shin-seanathar. Ba leasainm é Blewitt ar dhuine gormshúileach nó ar dhuine a chaitheadh éadaí gorma.
B'in é Edward Blewitt as Béal an Átha, a chuaigh go Meiriceá i lár an 19ú haois agus a chuir faoi in Scranton, Pennsylvania.
Beidh deis ag an Uachtarán Biden freisin a chraobh ghinealaigh a phlé le daoine áitiúla a bhfuil gaol aige leo.
Soir leis ina dhiaidh sin go Béal an Átha, mar a gcuirfear tús ag 7 a chlog tráthnóna le ceolchoirm speisialta ina urraim cois Muaidhe.
Beidh na Chieftains agus na Coronas i measc na gceoltóirí ar an ardán oinigh.
Tar éis na scléipe, tabharfaidh an tUachtarán Biden sciuird ar Ardeaglais Naomh Muireadhach ar an mbaile.
Tabharfaidh sé óráid phoilbí uaidh lasmuigh den Ardeaglais ag thart ar 9 a chlog.
De réir na leabhar oiris, sholáthair Edward Blewitt 25,000 bríce i gcomhair an eaglais a thógáil tríocha bliain sula ndeachaigh sé ar imirce.
Tar éis na hóráide, fillfidh an tUachtarán Biden ar Aerfort Chnoc Mhuire agus as sin ar Bhaile Átha Cliath.
Tabharfaidh sé aghaidh ar a fhód dúchais eile thar moing mara an Atlantaigh go gairid ina dhiaidh sin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ