skip to main content

Cailín a maraíodh i dtionóisc bhóthair curtha i gcré na cille

Kirsty Bohan
Kirsty Bohan

Adhlacadh i gCo na Gaillimhe inniu Kirsty Bohan, cailín ceithre bliana déag ar dhuine í de bheirt déagóirí a maraíodh i dtionóisc bhóthair i ndeas d'Áth Cinn i dtús na seachtaine.

Maraíodh Kirsty agus buachaill ceithre bliana déag, Lukas Joyce, nuair a d'imigh an gluaisteán a raibh siad inti den bhóthar agus bhuail faoi chrann i nGleann an Gharráin, Baile an Phrútaigh, go moch ar maidin.

Gortaíodh go dona beirt déagóirí eile a bhí sa charr in éineacht leo.

Ag an Aifreann sochraide i Séipéal Phádraig agus Chuana i Muine Ánráin, dúirt an príomhcheiliúraí an tAthair Dixie Faber go múchann bás duine dilghrách, go múchánn sé solas i saol mhuintir an duine sin.

Thagair sé do dhíomuaine agus do leochaileacht na beatha agus do thobainne an bháis.

Labhair an tAthair Faber ón altóir chomh maith thar ceann mhuintir Kirsty – a tuismitheoirí Christy agus Teresa, agus a deirfiúracha Martha agus Ava – agus dúirt gur mhian leo a mbuíochas a ghabháil leis na mílte duine ar fud na tíre a rinne comhbhrón leo agus a thacaigh leo ag am seo a ndobróin – ceannairí náisiúnta, an pobal scoile agus cumainn spóirt ina measc.

Ba í Kirsty an duine ab óige de na deirfiúracha agus tugadh nithe éagsúla a bhí bainteach lena saol chun na haltóra ina cuimhne.

Ina measc, bhí mála smididh agus cumhrán mar gheall ar chomh tógtha agus a bhí sí le cúrsaí faisin; leoraí agus tarracóirín bréige ó bhí suim aici in oidhreacht talmhaíochta a muintire; a camán; ceann de na pictiúir a phéinteáil sí; agus a cluasáin mar sholaoid ar an mórthaitneamh a bhain sí as an gceol.

D'iarr an tAthair Faber ar chairde Kirsty gan géilleadh don éadóchas i bhfianaise a báis ach, ina áit sin, cuimhneamh ar an suáilceas a roinn sí orthu.

Cuireadh Kirsty i Reilig Dhomhnach Pádraig in aice le hÁth Cinn i ndiaidh an Aifrinn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ