In óráid a thug sé d'Oireachtas Éireann i dTeach Laighean tráthnóna, thagair Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden go minic don nasc stairiúil idir Meiriceá agus Éire.
Chaithfeadh sé, arsa sé, gur mhór an crá croí dá shinsear féin dul ar an mbád bhán, cúl a thabhairt le dúchas agus aghaidh a thabhairt ar an gcoigríoch.
Tá comhchaidreamh anois idir Meiriceá agus Éire, a dúirt Joe Biden, ar caidreamh é atá bunaithe ar an nasc stairiúil úd.
Thagair sé freisin do choitiantacht an fhocal 'dínit' i mbéala Gael, dar leis. Is focal fíorthábhachtach é, a dúirt sé.
Ag trácht dó ar an gcogadh san Úcráin, thug an tUachtarán Biden le fios go raibh Éire agus na Stáit Aontaithe ag obair i gcomhar le fóirithint ar mhuintir na hÚcráine.
Arís, luaigh sé clanna Gael atá ar deoraíocht i Meiriceá, dream, ar sé, a bhfuil tuiscint ghrinn acu ar an troid agus an obair ar son na saoirse agus an daonlathais.
Ní bréag dom é sin a rá, a dúirt an tUachtarán Biden, is í an fhírinne í.
Dhírigh an tUachtarán ina dhiaidh sin ar chúrsaí polaitíochta sa Tuaisceart agus dúirt gurb é an rud is mó atá bainte amach ag Comhaontú Aoine an Chéasta nach mbíonn daoine óga ag déanamh brionglóidí níos mó faoi phointí seiceála.
Thug sé le tuiscint freisin gur chreid sé gur chóir do Rialtas na Breataine obair níos dlúithe le Rialtas na hÉireann [ó thaobh chúrsaí an Tuaiscirt de].
Gheall sé go seasfadh na Stáit Aontaithe le hÉirinn agus mhaígh sé go raibh an dá thír ag obair le chéile chun eacnamaíocht a thógáil ina gcaithfí go díniteach le hoibrithe agus ina n-íocfadh comhlachtaí móra a gcion.
Is gar do dheireadh a óráide a luaigh an tUachtarán Biden athrú aeráide, á rá gurb é an baol is mó ar domhan é faoi láthair.
Níl mórán ama fanta againn, sin í an fhírinne, arsa sé.
Chomh maith leis na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí a bhí i láthair i seomra na Dála le haghaidh óráid an Uachtaráin, bhí maithe móra eile agus aíonna speisialta ar tugadh cuireadh dóibh ann freisin – Marie Devlin, baintreach an fhile Séamus Heaney, ina measc.
Sular thug an tUachtarán Biden a óráid i dTeach Laighean, labhair sé ar feadh cúpla nóiméad le ceannairí na bpáirtithe agus na ngrúpaí éagsúla polaitíochta san Oireachtas.
Freastalóidh Joe Biden ar dhinnéar speisialta atá á reáchtáil ina onóir anocht i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ