Bhí cruinniú ag Joe Biden leis an Taoiseach Leo Varadkar i dTeach Bhán na Feirme – an t-arás fáiltithe Stáit i bPáirc an Fhionnuisce.
Roimh an gcruinniú, mhol an Taoiseach ceannasaíocht na Stát Aontaithe i dtaca le hionradh na Rúise ar an Úcráin de.
Dúirt Leo Varadkar gur mhian leis a bhuíochas a ghabháil leis an Uachtarán Biden agus le Rialtas na Stát Aontaithe as an bhfód a sheasamh ar son an daonlathais agus na saoirse, rudaí atá i mbaol, a mhaígh sé, ar fud an domhain.
Ní mé cén sórt domhain a bheadh ann, arsa an Taoiseach, murach an Eoraip agus Meiriceá ag obair i gcomhar.
I ndiaidh an chruinnithe, thug an Taoiseach le fios gur phléigh sé féin agus Joe Biden an tsáinn ina bhfuil cúrsaí polaitíochta sa Tuaisceart agus forais Stormont ar fionraí le barr ar bhliain.
Dúirt sé go bhfuil sé féin agus an tUachtarán Biden ar aon intinn gur faoi na páirtithe polaitíochta ó thuaidh atá sé teacht as an tsáinn, ach nár mhór do Rialtais na hÉireann agus an Breataine mar sin féin obair as lámha a chéile le tacú leis an bpróiseas.
Reáchtáladh tabhairt amach camógaíochta ar an bhfaiche ar aghaidh Teach Bhán na Feirme le haghaidh an Uachtaráin Biden fad is a bhí sé ar cuairt ann.
Camógaithe óga ó CLG Naomh Bríd atá bunaithe in aice le Páirc an Fhionnuisce a léirigh ealaín ársa na nGael don Uachtarán.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ