skip to main content

Gradam bronnta ar Fheirsteach óg ag Príomh-Aire na Breataine

Gradam bronnta ar an laoch Feirsteach Dáithí Mac Gabhann ag Príomh-Aire na Breataine
Gradam bronnta ar an laoch Feirsteach Dáithí Mac Gabhann ag Príomh-Aire na Breataine

Bhronn Príomh-Aire na Breataine Rishi Sunak gradam ar maidin inniu ar bhuachaill sé bliana d'aois as Béal Feirste as ucht a chuid feachtasaíochta maidir le deonú orgán sa Tuaisceart.

Tá Dáithí Mac Gabhann ar an liosta le haistriú croí a fháil le cúig bliana.

Ach chuir an tsáinn pholaitiúil i Stormont moill ar leasuithe sa dlí a bhaineann le deonú orgán sa Tuaisceart.

I mí Feabhra i mbliana, shocraigh Rialtas Londan an bille a reáchtáil trí pharlaimint Westminster seachas é a fhágáil faoi Thionól Stormont.

Cinnteoidh an bille go mbeidh daoine sa Tuaisceart ina ndeontóirí orgán go huathoibríoch i ndiaidh a mbáis, ach amháin sa chás go ndearbhóidh siad go sonrach nach mian leo a bheith páirteach sa chóras.

I dteach ósta i mBéal Feirste ar maidin, bhronn Príomh-Aire na Breataine Rishi Sunak teastas 'Lóchrann Solais' ar Dháithí mar aitheantas ar a fheachtas leis an dlí a bhaineann le deonú orgán a leasú.

Dáithí Mac Gabhann agus a mhuintir in éineacht le Príomh-Aire na Breataine i mBéal Feirste inniu

I dtvuít a d'fhoilsigh sé, dúirt Rishi Sunak gur duine eisceachtúil é Dáithí agus go sábhálfaidh Dlí Dháithí, mar a thugtar air, beatha dhaoine.

I litir a chuir sé chuig Daithí níos luaithe, dúirt an Príomh-Aire go raibh an gasúr sé bliana d'aois ag cuidiú le daoine eile atá cosúil leis fóirithint riachtanach a fháil.

Dúirt athair Dháithí, Máirtín Mac Gabhann, go bhfuil súil ag an teaghlach go spreagfaidh an phoiblíocht a tharraingeoidh an teastas aitheantais seo ó Rishi Sunak, go spreagfaidh sé an pobal lena macnamh a dhéanamh faoi dheonú orgán.

Dáithí Mac Gabhann agus a athair Máirtín

"Tá muid i gcónaí ag iarraidh comhrá a spreagadh i dteaghlaigh agus tá súil againn nuair a bheas daoine ag éisteacht agus ag amharc ar Dháithí ag fáil na duaise seo, go smaoineoidh siad gur cheart dóibh a bheith ina ndeontóirí organ", arsa Máirtín.

Tiocfaidh an dlí úr i bhfeidhm i mí an Mheithimh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ