skip to main content

Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden i gCo Lú tráthnóna

Joe Biden i gCaisleán Chairlinn
Joe Biden i gCaisleán Chairlinn

Tá Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden i gCuaille, Co Lú, tráthnóna, mar ar thug sé cuairt ar Chaisleán Chairlinn – dún Normannach ag bun Shliabh Feá – i gcuideachta an Tánaiste Micheál Martin.

B'as Co Lú sin-seanathair an Uachtaráin agus seo an tríú sciuird aige ar an gcontae ó 2016.

Agus gluaisteán an Uachtaráin ag déanamh a bealaigh trí bhaile Chairlinn, chuir na céadta duine fáilte feadh an bhóthair roimh fhionnó duine dá gcuid féin.

As Cairlinn, chas an tUachtarán Biden siar agus thug sé a aghaidh ar Dhún Dealgan, áit a bhfuil fáilte chroíúil eile i ndán dó.

Níos túisce tráthnóna, tar éis dó Béal Feirste a fhágáil, tháinig an tUachtarán Biden go hAerfort Bhaile Átha Cliath, mar ar chuir an Taoiseach Leo Varadkar fáilte roimhe.

An Taoiseach ag cur fáite roimh an Uachtarán Biden in Aerfort Bhaile Átha Cliath

Bheannaigh Joe Biden chomh maith do dhaoine eile a bhí bailithe san aerfort lena fheiceáil ainneoin na drochaimsire.

Bhí cruinniú faoi leith aige ann freisin le foireann Ambasáid na Stát Aontaithe agus a dteaghlaigh, agus labhair sé chomh maith le hoibrithe ó sheirbhís dóiteáin an aerfoirt.

Chuir an aimsir eang sa roth aige, áfach – nó eang sa rótar ba chirte a rá – mar b'éigean dó aghaidh a thabhairt ar Cho Lú ina ghluaisteán treisithe seachas ar héileacaptar mar a bhí beartaithe.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ