I mBéal Feirste, dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden go raibh súil aige go mbunófaí Feidhmeannas Stormont an athuair gan mhoill, chomh maith leis na forais ábhartha ar fad idir na tíortha a bhfuil guthaíocht acu ar chúrsaí an Tuaiscirt.
Ag trácht dó ar Chreat Windsor, mhaígh an tUachtarán Biden go réitíonn an margadh tráchtála úd na dúshláin phraiticiúla a bhaineann le himeacht na Breataine as an Aontas Eorpach agus go gcaomhnaíonn sé an tsíocháin sa Tuaisceart.
In óráid a thug sé uaidh in Ollscoil Uladh mar chuid de Chomóradh 25 Bliain Chomhaontú Aoine an Chéasta, thug Joe Biden le fios go raibh na scórtha comhlachtaí Meiriceánacha ag iarraidh infheistiú sa Tuaisceart agus dúirt go raibh buntáistí iontacha eacnamaíochta le baint as Creat Windsor.
Dúirt sé go raibh sé i mBéal Feirste i 1991, tráth, arsa sé, nach bhféadfaí foirgneamh gloine a thógáil sa chathair [mar gheall ar ionsaithe buamála rialta].
Dúirt sé go raibh an choimhlint sa Tuaisceart idir 1969 agus 1998 ar an gcoimhlint ab fhadmharthanaí [ar domhan] ó dheireadh an Dara Cogadh Domhanda i 1945.
Ní fhéadfaí talamh slán a dhéanamh de go dtiocfaí ar réiteach síochána luath nó mall sa Tuaisceart agus níor cheart dúinn dearmad a dhéanamh air sin, arsa an tUachtarán Biden.
Agus caint George Mitchell maidir leis na comhráite síochána á thabhairt mar údarás aige, dúirt Joe Biden cé go raibh na toscairí i sáinn ar feadh 700 lá nár theastaigh ar deireadh ach an t-aon lá amháin le teacht as.
Thug sé le fios freisin go raibh na Daonlathaithe agus na Poblachtaigh sna Stáit Aontaithe ar aon intinn faoin mórthábhacht a bhaineann le Comhaontú Aoine an Chéasta, cé nach gnách leis an dá pháirtí sin a bheith ar aon intinn faoi mhórán.
Labhair an tUachtarán Biden chomh maith ar an ionsaí lámhaigh a rinne easaontóirí poblachtachta ar phóilín sinsearach i gCo Thír Eoghain le gairid.
Léirigh an cáineadh d'aon ghuth a rinne polaiteoirí an Tuaiscirt ar an ionsaí, a dúirt sé, nach mbeadh aon dul siar ann.
Mar sin féin, is ar uair na lagtrá is mó a theastaíonn dóchas agus obair chrua [leis an tsíohcáin a chaomhnú], a dúirt sé.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ