Tá fear as iarthar Bhéal Feirste a chreidtear a bhí ina spiaire tábhachtach san IRA ar son Arm na Breataine tar éis bháis.
Thugtaí 'Stakeknife' ar Freddie Scappaticci a bhí ar a theitheadh ón IRA ó 2003 nuair a ainmníodh é sna meáin chumarsáide mar spiaire.
Shéan sé, áfach, nach brathadóir a bhí ann agus nárbh eisean an té dtugtaí 'Stakeknife' air.
Tuigtear gur bhásaigh sé i dtús na míosa seo agus gur adhlacadh é i Sasana, mar a raibh sé ina chónaí le fiche bliain.
Creidtear go raibh Freddie Scappaticci i gceannas ar aonad slándála inmheánaí an IRA a bhí freagrach as brathadóirí, nó daoine a raibh amhras fúthu, a fhuadach, a chéasadh agus a dhúnmharú.
Tá fiosrúchán ar bun ag póilíní sa Bhreatain le roinnt blianta faoin mbaint a líomhnaítear a bhí ag Scappaticci – agus dá réir sin ag Arm na Breataine – le breis agus leathchéad dúnmharú.
Operation Kenova a thugtar ar an bhfiosrúchán agus dúirt an té atá i gceannas air, Jon Boutcher, dúirt sé inniu go raibh bás Scappaticci á chur san áireamh ag an bhfoireann ina gcuid oibre ó fuair siad scéala an tseachtain seo caite gur cailleadh é.
Thug sé le fios freisin go bhfoilseofaí tuairisc eatramhach ar a bhfuil faighte amach acu i mbliana.
Tá súil acu, a dúirt sé, an tuairisc dheireanach a fhoilsiú an chéad bhliain eile.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ