Fágfaidh Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden Washington tráthnóna le cuairt trí lá a thabhairt ar Éirinn.
Is chun an Tuaiscirt a rachas sé ar dtús, mar a gcuirfidh Príomh-Aire na Breataine Rishi Sunak fáilte roimhe agus roimh a lucht coimhdeachta in Aerfort Idirnáisiúnta Bhéal Feirste ag thart ar 9 a chlog anocht.
Beidh Rúnaí Stáit Mheiriceá Antony Blinken agus an Feisire Joseph Kennedy III i measc na dtoscairí a bheas in éindí leis an Uachtarán Biden.
Cheap an tUachtarán Biden Joseph Kennedy ina thoscaire speisialta eacnamaíochta chun an Tuaiscirt le gairid.
Caithfidh an tUachtarán Biden an oíche in óstán i mBéal Feirste agus ar maidin amárach osclóidh sé go hoifigiúil campas nua Ollscoil Uladh i lár na cathrach.
Beidh idir pholaiteoirí agus ionadaithe ón lucht gnó agus ó chumainn óige páirteach sa searmanas oscailte.
Tugadh cuireadh chomh maith do cheannairí na gcúig phríomhpháirtí polaitíochta sa Tuaisceart teacht chuig an ócáid ach níl sé soiléir an mbeidh deis acu labhairt leis an Uachtarán Biden roimhe nó ina dhiaidh.
Fágfaidh an tUachtarán Biden Béal Feirste ag thart ar 2 a chlog tráthnóna amárach agus tabharfaidh sé aghaidh ar Bhaile Átha Cliath.
Beidh sé in aoi oinigh ag roinnt ócaidí oifigiúla i mBaile Átha Cliath, i gCo Lú agus i gCo Mhaigh Eo idir sin agus Dé hAoine.
B'as Lú agus Maigh Eo cuid de shinsear Joe Biden agus deirtear go bhfuil dáimh agus luí faoi leith aige leis an dá chontae sin.
I dteachtaireacht a d'fhoilsigh sé ar Twitter aréir, dúirt Joe Biden go raibh sé ag tnúth le páirt a ghlacadh i gComóradh 25 Bliain Chomhaontú Aoine an Chéasta i mBéal Feirste.
Is mian leis freisin agus é in Éirinn, a dúirt sé, tacaíocht na Stát Aontaithe do chaomhnú na síochána agus do chur chun cinn an rathúnais sa Tuaisceart a athdhearbhú.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ