Tá feachtas ar bun i nDúiche Sheoigheach i gCo. na Gaillimhe in iarracht líon na ndaltaí atá sa mbunscoil ar an gCloch Bhreac a mhéadú.
Tá bliain saor ó chíos á tairiscint do theaghlach a bheadh sásta cur futhú sa gceantar agus a gcuid páistí a chur ar scoil ann, rud a chinnteodh nach gcaillfeadh an scoil duine dá mbeirt múinteoirí.
Cé go raibh os cionn dhá scór dalta i Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig ar an gCloch Bhreac aon uair amháin, tá laghdú tagtha ar líon na ndaltaí le roinnt blianta anuas, agus tá baol ann anois go gcaillfidh siad múinteoir.
In iarracht cur leis an aon duine dhéag atá ar an scoil Ghaeltachta seo faoi láthair, tá an pobal ag bailiú airgid le íoc as bliain saor ó chíos do theaghlach a bheadh sásta bogadh go Cloch Bhreac ar feadh bliana agus dá réir sin cur le tinreamh na scoile i Meán Fómhair na bliana seo.
Deir Príomhoide na scoile Gearóidín Uí Fhiric go bhfuil siad ag iarraidh an scoil a choinneáil oscailte.
"Níl aon rud eile againn. Tá Oifig an Phoist dúnta. Is áit lárnach í an scoil, scoil álainn atá inti agus beirt mhúinteoir agus múinteoir tacaíochta foghlama amháin againn. Tá áiseanna iontacha againn - páirc pheile, páirc spraoi, agus seomraí breátha agus ba mhór an peaca é dá ndúnfaí í."
Tá daoine ar an gCloch Bhreac ag déanamh aithrise ar fheachtas a bhí ag pobal Inis Meáin in Árainn anuraidh nuair a d'fhógair siad teach gan chíos le daoine a mhealladh chomh fada leo. Os cionn 1,300 iarratas a fuair siad ar an dtogra sin. Tá súil ag lucht an fheachtais i gCloch Bhreac go mbeidh rath ar an bplean s'acusan.
Deir Seán Ó Cionnaigh as an gCloch Bhreac go bhfuil súil acu go meallfaidh áilleacht na háite daoine chuig an gceantar. "Tá na lochanna againn, tá na sléibhte againn, tá conair siúlóide againn agus níl muid i bhfad ó bhaile beag a bhfuil teach tábhairne agus bialanna ann," a dúirt sé. "Agus rud eile, tá na daoine go hálainn agus cuireann siad fáilte roimh chuile dhuine. Agus tá Gaeilge go fairsing ann."
Tá go tús na míosa seo chugainn ag daoine suim a léiriú sa togra. Tá tuilleadh eolais le fáil ar leathanach Facebook Comharchumann Dhúiche Sheoigheach.
Beidh tuilleadh faoin scéal seo ar Nuacht TG4 ag a 7:15 anocht.