Tá fear céile Nicola Sturgeon, iarChéad-Aire na hAlban agus iarcheannaire an SNP, Páirtí Náisiúnta na hAlban, gafa sa bhfiosrúchán leanúnach faoi mhaoiniú an pháirtí.
Bhíodh Peter Murrell, 58, ina phríomhfheidhmeannach ar an SNP fad is a bhí Sturgeon ina ceannaire.
Tá sé faoi choinneáil ag na póilíní agus é á cheistiú ag bleachtairí.
Tá póilíní freisin i mbun cuardaithe ar áitreabh éagsúla a deir siad mar chuid den fhiosrúchán agus tá tuairisc le cur chuig an Oifig Chorónach agus chuig Seirbhís an Aturnae Stáit.
Táthar ag fiosrú an méid a tharla de £600,000 a bhailigh lucht feachtais i 2017 ar son neamhspleáchas na hAlban, airgead a bhí ceaptha a bheith curtha go leataobh go sonrach ar mhaithe leis an bhfeachtas sin, ach nach raibh aon trácht air i gcuntais an pháirtí.

An mhí seo caite a d'éirigh Nicola Sturgeon as ceannaireacht an pháirtí agus as an gCéad-Aireacht.
I ráiteas deir an SNP go bhfuil an páirtí ag comhoibriú go hiomlán leis an bhfiosrúchán.

Deir siad freisin gur socraíodh ag cruinniú de Chomhairle Feidhmiúcháin an pháirtí Dé Sathairn go dtabharfaí faoi "athbhreithniú as seo go ceann roinnt seachtainí ar rialachas agus ar thrédhearcacht an pháirtí".