Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil a bhí ina suí i gCorcaigh, gearradh príosún saoil ar fhear 40 bliain d'aois a phléadáil ciontach i ndúnorgain fir a bhí gan dídean i gcathair Chorcaí trí bliana go leith ó shin.
Bhí an ciontóir Christopher O'Sullivan gan dídean é féin nuair a mharaigh sé Timothy Hourihane, a bhí 53 bliain, ar an 13 Deireadh Fómhair 2019.
Bhí cócaon, hearóin, drugaí ar oideas agus alcól caite ag Christopher O'Sullivan – Ciarraíoch a bhfuil naonúr páistí aige – nuair a d'ionsaigh sé Timmy Hourihane.
Tugadh le fios gur ciontaíodh an Súilleabhánach i mbeagnach leathchéad coir thromchúiseach cheana – ionsaithe díobhálacha ina measc – agus dúirt an Breitheamh Paul McDermott inniu gurb in é ba shiocair lena chinneadh príosún saoil a ghearradh air.
Ní hamháin sin, ach de réir mar a bhí an t-am á chaitheamh, arsa an breitheamh, bhí coireanna an tSúilleabhánaigh ag éirí níos tromhchúisí.
B'as Rinn Mhuintir Bháire in iarthar Chorcaí ó dhúchas Timmy Hourihane a raibh blianta fada caite aige i Sasana, áit a raibh sé ag obair mar chócaire.
Nuair a d'fhill sé ar Éirinn, áfach, luigh sé isteach ar an ól agus bhí sé ag dul rite leis lóistín a fháil.
Bhí sé ina chónaí i bpuball ar Shiúlán na Muirdíge i gCorcaigh, mar a raibh roinnt daoine eile gan dídean ag stopadh chomh maith.
Dúradh sa chúirt gur thosaigh cuid de na daoine sin ag magadh faoi an lá a maraíodh é de bhrí go raibh sé aerach. B'in é sular ionsaigh siad go fíochmhar é.
Tháinig na Gardaí ar a chorp ar Shiúlán na Muirdíge ina dhiaidh sin.
Léirigh an scrúdú iarbháis gur bascadh go brúidiúil é.

Gearradh téarma príosúin aon bhliain déag ar dhuine den drong anuraidh faoin marú.
B'in é James Brady, 29 bliain, as Plásóg na Sionainne i mBaile na mBocht i gCorcaigh, a bhí cúisithe i ndúnmharú ach a ciontaíodh i ndúnorgain.
Dúirt an Breitheamh McDermott inniu go raibh páirt níos mó ag Christopher O'Sullivan san ionsaí ná mar a bhí ag James Brady ainneoin gur ciontaíodh an bheirt sa chion céanna.
Dúirt duine de na bleachtairí a d'fhiosraigh an cás sa chúirt gur tugadh fíor-dhrochbhuillí coise do Timmy Hourihane agus gur satlaíodh air.
Thug an Bleachtaire-Cheannfort Michael Comyns le fios gur tharraing James Brady siar ón ionsaí ach gur lean Christopher O'Sullivan de.
Dúradh chomh maith gurbh é an dearcadh a bhí ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí gur dúnorgain den chatagóir is airde a bhí ann.
I ráitis tionchair íospartach a léadh sa chúirt, dúirt mac agus deartháir le Timmy Hourihane nach raibh aon téarnamh as a bhfulaingt i ndán don teaghlach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ