Tá maoiniú do Phlean Teanga i gCathair Saidhbhín, Co Chiarraí, ceadaithe.

€80,000 sa bhliain ar feadh tréimhse seacht mbliana a chuirfidh Foras na Gaeilge ar fáil chun an plean a chur i bhfeidhm.

Tá Cathair Saidhbhín, atá buailte le Gaeltacht Uíbh Ráthaigh, i measc sé bhaile dhéag a bhfuil stádas mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta bronnta orthu.

Is é Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O'Donovan a sheol an plean teanga i gCathair Saidhbhín ar maidin.

Ta plean teanga á chur i bhfeidhm sna ceantair Ghaeltachta ar leithinis Uíbh Ráthaigh cheana féin.

Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O'Donovan

Deir Julianne McGillicuddy, cathaoirleach Chathair Saidhbhín le Gaeilge, go gcabhróidh an plean nua go mór leis an nGaeilge a chur chun cinn sa bhaile, rud a raghaidh chun leasa phobal na Gaeltachta a dheineann a gcuid gnó ar an mbaile chomh maith:

"Táimid ag iarraidh a bheith ag obair leis an earnáil gnó ionas gur féidir le daoine a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

"Chomh maith leis sin táimid ag iarraidh deiseanna sóisialta a thabhairt do dhaoine an Ghaeilge atá acu a úsáid.

"Tá sé i gceist againn a bheith ag obair leis na scoileanna, an bhunscoil atá anseo againn agus an mheánscoil, Coláiste na Sceilge, áit a bhfuil Aonad Lán-Ghaeilge."

Tá maoiniú ceadaithe ag Foras na Gaeilge do phleananna teanga i sé cinn desna Bailte Seirbhíse Gaeltachta go dtí seo agus tá maoiniú le haghaidh dhá bhaile eile ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta go dtí seo.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Seán Ó Coinn go bhfuil an plean atá dréachtaithe ag coiste áitiúil Chathair Saidhbhín críochnúil agus cuimsitheach.

"Cé gur ceantar lag Gaeltachta é, sa mhéid agus go bhfuil sé faoi bhrú ó phobal an Bhéarla ar gach taobh, tá daoine iontacha sa cheantar seo a bhfuil dúthracht iontach iontu i dtaca leis an nGaeilge." a dúirt sé.

Bainfear leas as an maoiniú de 80,000 euro in aghaidh na bliana chun pleanálaí teanga agus cúntóir pleanála teanga a fhostú.

Deir an coiste áitiúil go gcuirfear tús leis an bpróiseas earcaíochta chomh luath agus is féidir.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ