Lámhachadh fear sa dá chois in iarthar Bhéal Feirste aréir.
Dúirt urlabhraí na bpóilíní gur lámhachadh an fear taobh amuigh de theach i gCéide na hAille Báine ar aghaidh Reilig Chathair Bhéal Feirste ar Bhóthar na Carraige Báine ag thart ar 9 a chlog aréir.
Thug an t-urlabhraí le fios go raibh triúr fear a raibh púicíní orthu páirteach san ionsaí agus gur de chois a theith siad ón láthair.
Tugadh an fear a caitheadh chun an ospidéal, áit a bhfuil sé go dona tinn.
Ionsaí uafásach agus sáru cearta daonna a bhí ann, arsa urlabhraí na bpóilíní, agus is dóigh go bhfágfaidh sé idir lot intinne agus lot coirp ar an bhfear go ceann i bhfad.
Maidir le cad é ba chionsiocair leis an ionsaí, ní dúradh ach go raibh gnéithe éagsúla den scéal á bhfiosrú ag bleachtairí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ