Mhoilligh an ráta boilscithe sa limistéar euro i gcaitheamh na míosa seo, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ó oifig staidrimh an Aontais Eorpaigh Eurostat.
6.9% a bhí sa ráta boilscithe i mí an Mhárta, i gcomórtas le 8.5% i mí Feabhra, más fíor don réamh-mheastachán atá curtha ar fáil ag Eurostat.
Os a choinne sin, áfach, bhí ardú eile ar an ráta boilscithe praghsanna bia ó 15% go 15.4%.
Thit praghsanna fuinnimh ó 14.6% go 13.7% ach d'ardaigh praghsanna seirbhísí ó 4.8% go 5%.
Nuair a chuirtear bia agus fuinneamh as an áireamh, is 5.7% a bhí sa chroíráta boilscithe an mhí seo, ar ardú 0.1% é.
Léiríonn na figiúirí nua go bhfuil an-éagsúlacht i rátaí boilscithe bhallstáit limistéar an euro.
Is 7% a bhí sa ráta boilscithe in Éirinn i mí an Mhárta, le hais 3.1% sa Spáinn, cuir i gcás.
Ráta dédhigiteach a bhí sna tíortha Baltacha ar fad, ámh.
Mar chuid dá straitéis eacnamaíochta le dul i ngleic leis an ráta ard boilscithe, tá rátaí úis ardaithe go tráthrialta ag an mBanc Ceannais Eorpach le trí ráithe.
Is é an tuiscint choitianta i measc eacnamaithe nuair a ardaítear rátaí úis go laghdaíonn an t-éileamh ar chreidmheas; agus nuair a laghdaíonn an t-éileamh ar chreidmheas go moillíonn an ráta boilscithe.
Dála an scéil, d'fhógair Banc na hÉireann inniu go raibh a rátáí úis seasta ar mhorgáistí ardaithe 0.5% acu.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ