Tá iar-Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump le cúisiú in íocaíochtaí neamhdhleathacha a thabhairt do bhean nuair a bhí a fheachtas toghchánaíochta don uachtaránacht faoi lán seoil in 2016.

Is ardghiúiré i Nua-Eabhrac a dhíotáil Donald Trump sna híocaíochtaí a thabhairt don bhean, Stormy Daniels, ar aisteoir pornagrafaíochta í.

Cuirtear ina leith gur íoc sé $130,000 léi le go gcoinneodh sí an caidreamh collaí a deirtear a bhí acu le chéile faoi rún.

Is é Donald Trump, atá 76 bliain d'aois, an chéad iaruachtarán Meiriceánach riamh a díotáladh i gcion coiriúil.

Dhearbhaigh oifig Ionchúisitheoir Dúiche Manhattan Alvin Bragg gur pléadh an scéal le dlíodóirí an iaruachtaráin tráthnóna inné, agus meastar go ngabhfar é tar éis dó é féin a thabhairt ar láimh do na póilíní Dé Máirt seo chugainn.

Ionchúisitheoir Dúiche Manhattan, Alvin Bragg (sa lár)

De réir gnáis, tógfaidh na poilíní méarloirg Donald Trump agus tógfaidh siad grianghraf de, ach is cosúil nach gcuirfidh siad é i nglais lámh.

Meastar go dtabharfar os comhair cúirte é ina dhiaidh sin, go socrófar cén uair a chuirfear ar a thriail é agus, ar deireadh, go scaoilfear saor ar bannaí é.

Tá dianslándáil á cur i bhfeidhm cheana féin in Manhattan ar fhaitíos go dtarraingeodh lucht tacaíochta an iaruachtaráin achrann i bhfianaise a chúisithe.

Stormy Daniels, Las Vegas, Eanáir 2020

Tá cinneadh an ardghiúiré é a chúisiú cáinte go géar ag Donald Trump agus mhaígh sé nach raibh ann ach "géarleanúint pholaitiúil" le fonn "cur isteach ar a fheachtas togchánaíochta."

Tá a ainm curtha chun cinn aige don chéad toghchán uachtaránachta eile in 2024 ach níl aon iarrthóir roghnaithe ag an bPáirtí Poblachtach fós.

Tá cinneadh an ardghiúiré cáinte go láidir ag polaiteoirí sinsearacha an pháirtí sin chomh maith.

Dúirt Mike Pence, a bhí ina leasuachtarán nuair a bhí Donald Trump sa Teach Bán, gur mhór an náire é.

"Cinneadh neamh-Mheiriceánach" a thug gobharnóir Florida Ron DeSantis air. Meastar go gcuirfidh seisean a ainm chun cinn don toghchán uachtaránachta in 2024 freisin.

Os a choinne sin, dúirt an Daonlathaí sinsearach Adam Schiff cé gur cor eisceachtúil a bhí ann iaruachtarán a ghabháil, go raibh an t-iompar neamhdhleathach a bhfuil Donald Trump le cúisiú ann chomh heisceachtúil céanna.

Dúirt Stormy Daniels go raibh sí an-sásta leis an gcor is déanaí sa scéal agus thug sí le tuiscint idir shúgradh agus dáiríre go raibh buidéal seaimpéin oscailte aici.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ