Creideann na póilíní go raibh baint ag ionsaí buama peitril i gCo an Dúin aréir le haighneas faoi dhrugaí i measc paraimíleataigh dhílseacha.
Caitheadh buama peitril le teach i nDomhnach an Daoi i dtuaisceart an chontae go gairid roimh 10 a chlog aréir.
Ní raibh aon duine sa teach ag an am agus níor gortaíodh aon duine.
Seo an dara teach déag a hionsaíodh i gceantair dhílseacha i mbailte éagsúla i gCo an Dúin le seachtain.
Tuairiscítear go raibh leanbh óg i gceann de na tithe nuair a íonsaíodh é.
Deir na póilíní go bhfuil éirithe idir dhá dhrong mangairí drugaí sna UDA faoina ndrochéadáil agus go bhfuil siad ag imirt faltanais ar a chéile anois dá bharr.
Tugadh beirt fhear os comhair cúirte inné agus iad cúisithe maidir le hionsaí buama peitril a rinneadh ar theach i mBaile Nua na hArda Dé Domhnaigh seo caite.
Cúisíodh duine den bheirt chomh maith i ndrugaí neamhdhleathacha a bheith ina sheilbh aige.
Tá tuilleadh póilíní curtha ar patról i nDomhnach an Daoi, i mBaile Nua na hArda agus i mBeannchar, agus tá leas á bhaint as héileacaptar faireachais le súil ionsaithe eile a chosc.
Nuacht agus Cúrsaí RTÉ