Cothrom an lae seo 150 bliain ó shin a rugadh an scéalaí mór le rá Peig Sayers.
Bhí cáil an bhéaloidis ar bhean an Bhlascaoid agus ceansaíodh a cuimhní cinn in go leor leabhar.
Ina measc bhí a dírbheathaisnéis 'Peig' – leabhar éigeantach ar churaclam na hArdteistiméireachta ar feadh breis agus 30 bliain.
Tá sraith imeachtaí beartaithe i nDún Chaoin, paróiste dúchais Pheig Sayers, chun comóradh a dhéanamh ar a lá breithe agus ar a héachtaí.
Sa bhliain 1962 a cuireadh 'Peig' ar churaclam na hArdteiste agus a raibh seanabhlas ag mórán air toisc deacracht na teangan agus duairceas an chuntais, dar leo.
Deineadh leabhar roghnach don saothar sa bhliain 1995.

Deir an Dr Laoise Ní Cheallaigh ó Choláiste Mhuire Gan Smál go bhfuil dearcadh níos dearfaí i leith 'Pheig' le brath i measc scoláirí óga na linne seo:
"Má labharaíonn tú le daoine a dhein staidéar ar 'Pheig' mar dhírbheathaisnéis ar chúrsa na hArdteiste, tá íomhá amháin acu i leith Pheig.
"Anois, má labhraíonn tú le daoine óga cosúil leis na daoine atá agamsa anso i nDurlas atá ag plé le céim sa Ghaeilge, is léir gur laoch í Peig sa lá atá inniu ann ó thaobh an fheimineachais de, feimineachas a bhfuil brí nua leis sa lá atá inniu ann."
Deir an Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, gur chóir ‘Peig’ a mheas i gcomhthéacs na linne inar scríobadh an leabhar:
"Sílim go bhfuilimid ag féachaint siar ar Pheig Sayers anois mar dhuine a chuir go mór lenár dtuiscint ar stair chultúrtha na hÉireann, go háirithe toisc gur cuntas é sin atá tearc go maith – ó bhean, ó bhéal mná a bhain leis an gcosmhuintir ón dtréimhse sin agus gur foinse ana-luachmhar an cuntas san dá bharra."
Deir Máire Ní Dhálaigh ó Dhún Chaoin go bhfuil an íomhá de Pheig a cuirtear inár láthair sna leabhra bun os cionn ar fad leis an aithne a bhí ag a pobal féin uirthi:
"Ní raibh sí cúngaigeantach in aon aon chor ach a mhalairt. Duine ana-oscailte ab ea í. Ard-chomhluadar ab ea í agus bhí sí lán de ghreann agus de rógaireacht.
"Bhíodh daoine óga siúlach uirthi, ba bhreá leo dul chuichi agus ana-chomharthaí ar dhuine é sin. Is minic a chuir sí comhairle orthu agus ní bhíodh aon leisce orthu a gcuid deacrachtaí a roinnt le Peig."
I nDún Chaoin ar an 29 Márta 1873 a rugadh Peig Sayers. D’aistrigh sí isteach ar an mBlascaod Mór sa bhliain 1892 nuair a phós sí Peatsaí Flint Ó Gaoithín.
Do scaip a cáil mar scéalaí agus í fós ina bean óg agus thosnaigh scoláirí aitheanta ar chuma Carl Marstrander agus Robin Flower ag bailiú scéalta uaithi.
Le cabhair a mic, Mícheál Ó Gaoithín, foilsíodh a leabhar dírbheathaisnéise 'Peig' sa bhliain 1936.
I measc na leabhar eile inar breacadh a cuimhní cinn tá Machnamh Seanamhná agus Beatha Pheig Sayers.
Do bhailigh Coimisiún Bhéaloideas Éireann suas le 375 scéal ó Pheig, breis agus 5,000 leathanach lámhscríofa.
Sa bhliain 1942, d’aistrigh Peig amach go dtí an mhíntír. Fuair sí bás in Ospidéal an Daingin sa bhliain 1958.
I measc na n-imeachtaí atá beartaithe i nDún Chaoin tráthnóna inniu, tá Aifreann comórtha agus clár faisnéise faoi Pheig a stiúraigh an déantóir scannán Breandán Feiritéar, agus leagfaidh leanaí scoile Dhún Chaoin bláthfhleasc ar a huaigh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ