Tá gearáin oifigiúla déanta ag deirfiúr agus deartháir don mhúinteoir scoile Enoch Burke faoin gcaoi ar chaith Gardaí leo sa Chúirt Achomhaic trí seachtaine ó shin.
Bhí Uachtarán na Cúirte Achomhairc ag tabhairt a bhreithiúnais i gcás a bhí tugtha ag Enoch Burke nuair a chuir muintir Burke isteach air.
Thug na Gardaí Ammi agus Simeon Burke amach as an gcúirt nuair a choinnigh an bheirt orthu ag tarraingt achrainn.
Ghabh na Gardaí Simeon Burke agus cúisíodh é i gcion a bhain leis an ord poiblí a shárú. Tá sé á choinneáil i bPríosún Chnoc na Seamar ó shin.
Is abhcóide faoi oiliúint é Simeon Burke agus is aturnae í Ammi Burke.
Sna gearáin a chuir Ammi agus Simeon Burke faoi bhráid Choimisiún Ombudsman an Gharda Síochána Dé hAoine seo caite, maítear gur ionsaigh na Gardaí iad agus gur tharraing siad amach as an gcúirt iad.
Maíonn siad freisin gur díbríodh as an gcúirt iad cé nár threoraigh na breithiúna d'aon duine an chúirt a fhágáil ná aon duine a thabhairt amach as.
Ní raibh díspeagadh cúirte i gceist agus ní raibh an chúirt ina suí ag an am, a deir siad.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ