Tá Humza Yousaf tofa ina cheannaire ar Pháirtí Náisiúnta na hAlban - an SNP - agus é tagtha i gcomharbacht ar Nicola Sturgeon.
Beidh sé ar an gCéad-Aire is óige riamh ar Albain agus ar an gcéad duine de bhunú mionlaigh.
I staid rugbaí Murrayfield i nDún Éidean a fógraíodh an toradh ar an toghchán idir triúr iarrthóirí tráthnóna.

37 atá sé, an chéad Mhoslamach tofa ina cheann feadhain ar mhórpháirtí san Ríocht Aontaithe.
Beirt bhan a bhí sa n-iomaíocht leis, Kate Forbes agus Ash Regan, ó d'fhógair Nicola Sturgeon an mhí seo caite go raibh sí ag éirí as tar éis di a bheith ag an stiúir ar feadh beagnach 8 mbliana.
Ach léirigh an t-aighneas agus achrann a bhain leis an toghchánaíocht an deighilt atá san SNP.
70% de bhaill an pháirtí a chaith vóta agus sa deireadh ní raibh mórán idir Yousaf agus Kate Forbes, 52% le 48% ar an dara comhaireamh, tar éis d'Ash Regan a bheith curtha as an áireamh.
Fógrófar go hoifigiúil Humza Yousaf mar Chéad-Aire nu ana hAlban i ndiaidh vóta i bParlaimint na tíre i Hollyrood amárach.
Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Eibhlín Ní Choistealbha ar Nuacht TG4 ag 1900.