Thit praghsanna scaireanna baincéireachta arís inniu. Bhí titim mhór ar luach scaireanna de chuid an ollbhainc, Deutsche Bank, agus imní léirithe ag an lucht infheistíochta nach bhfuil smacht faighte go fóill ag rialtóirí ná bainc cheannais ar an gclampar is measa sna margaí ó tharla an cúlú airgeadais domhanda i 2008.
Bhí comharthaí eile ann freisin inniu go bhfuil cúlú i ndán do chóras airgeadais an Aontais Eorpaigh: thit luach an euro i gcomparáid leis an dollar, thit luach torthaí bannaí rialtais de chuid tíortha i limistéar an euro agus tháinig ardú mór ar árachas chun cosaint a thabhairt do na bainc i gcás loicthe.
Tháinig titim 3.8% ar phraghas na scaireanna baincéireachta is luachmhaire san Eoraip. Bhí titim 8.5% ar phraghas scaireanna Deutsche Bank agus tháinig ardú mór ar chostas árachais loicthe.
Sna Stáit Aontaithe, bhí titim ní ba lú ar phraghas scaireanna. Thit leithéidí JPMorgan Chase & Co, Citigroup agus Wells Fargo & Co síos 2%.

Ag tús na seachtaine seo, theip ar an mbanc mór Creidit Suisse san Eilbhéis. Dúirt an lucht infheistíochta inniu go bhfuil difir mhór idir Credit Suisse agus Deutsche Bank, ag rá go bhfuil bunús láidir leis an tarna banc a luadh agus - murab ionann agus Credit Suisse - nach bhfuil fadhbanna bainistíochta agus eile ag Deutsche Bank.