Tá príosún saoil gearrtha ar fhear, 62 bliain d'aois, a ciontaíodh i ndúnmharú a mhná céile beagnach trí bliana ó shin.
Sádh agus maraíodh Jean Eagars le claíomh samúraí ina teach cónaithe ar 21 Meitheamh 2020. Máthair beirte a bhí inti
Phléadáil Williamh Eagers, a bhfuil seoladh aige ar Gharrán Choill na Sailí i mBaile an Hartaigh, ciontach i ndúnmharú a mhná céile an mhí seo caite.
Tugadh fianaise sa gcúirt gur sádh í leis an gclaíomh - a ceannaíodh le linn don teaghlach a bheith ar saoire - sé huaire déag le linn an ionsaithe.
Rinne mac le Jean Eagers, Dillon, ráiteas sa gcúirt ina ndearna sé cur síos ar eachtraí an lae sin. Dúirt sé gur mhúscail scréach uafáis agus béicíl é iarnóin an 21 Meitheamh 2020.
Chonaic sé a mháthair á bualadh leis an gclaíomh ag a athair trí phána gloine sa seomra suite.
Dúirt sé gur bhagair a athair air go ndéanfadh sé ionsaí airsean ina dhiaidh. Rith Dillon amach as an teach.
Nuair a tháinig na seirbhísí éigeandála ag an teach bhí William Eagers fós ann agus an claíomh ina lámh aige. Ní raibh lucht an otharchairr abálta freastal ar a bhean, mar sé fós bagarthach.
Cuireadh fios ar Aonad Tacaíochta faoi Airm an Gharda Síochána chun an claíomh a thógáil uaidh agus é a ghabháil.