skip to main content

Beirt a bhí á gceistiú faoi bhás an linbh John scaoilte saor

An Trá Bhán i gCathair Saidhbhín i gContae Chiarraí, áit ar thángthas ar chorp linbh nuabheirthe, "John", i 1984
An Trá Bhán i gCathair Saidhbhín i gContae Chiarraí, áit ar thángthas ar chorp linbh nuabheirthe, "John", i 1984

Tá an fear agus an bhean a gabhadh i gCúige Mumhan oíche Déardaoin maidir le bás an linbh John scaoilte saor gan cúis agus tá comhad le cur faoi bhráid Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí.

Scaoileadh an bhean sna caogaidí saor aréir agus scaoileadh an fear go moch ar maidin.

Thángthas ar chorp linbh nuabheirthe ar an Trá Bhán i gCathair Saidhbhín i 1984 agus 28 créacht scine ar a chorp.

Tugadh an t-ainm "John" air. Ní raibh sé ach cúig lá d'aois nuair a thángthas ar a chorp 39 bliain ó shin.

Gabhadh an bheirt i ndiaidh d'eolas nua teacht chun cinn le linn athbhreithnithe de chuid scuad na bhfuarchásanna, a dúirt an Ceannfort Flor Murphy, atá i gceannas ar an bhfiosrúchán.

Thug an Ceannfort Murphy le fios go raibh sé mar aidhm ag lucht an fhiosrúcháin an fhírinne a nochtadh maidir le cás Leanaí Chiarraí, mar is fearr aithne air.

Nuair a cuireadh tús leis an athbhreithniú úrnua i 2018, dúirt an Ceannfort Murphy go raibh sé den bharúil go bhfaighfí freagra na gceisteanna uilig i gCathair Saidhbhín agus sa cheantar máguaird. Tuigear go bhfuil na Gardaí fós den tuairim chéanna anois.

Cuireadh i leith Joanne Hayes agus a teaghlaigh ar dtús gurbh iadsan a bhí freagrach as bás John. Cuireadh tuairisc faoi bhráid na nGardaí i 1984 go raibh Joanne Hayes ag súil le leanbh sula dtángthas ar chorp John ar an trá, ach nach raibh fianaise ar bith ann go raibh leanbh nuabheirthe ag Joanne í féin.

Cuireadh i leith Joanne Hayes gurbh ise a mharaigh an leanbh John i 1984. Ní bhfuair sí leithscéal ón
stát go dtí 2020

Sa deireadh, thángthas ar chorp leanbh Joanne ar fheirm a muintire. Shane a bhí tugtha air agus bhásaigh sé ar chúiseanna nádúrtha, a dúirt Joanne. Ach fós leanadh de na líomhainti agus níor ghabh an stát leithscéal oifigiúil le Joanne go dtí 2020.

Is iad Shane agus John atá i gceist nuair a dhéantar tagairt go "Leanaí Chiarraí".