Tá an comhlacht teicneolaíochta Workhuman, a bunaíodh in Éirinn, le 10% d'fhoireann oibre an chomhlachta a ligean chun siúil.
Cuireann an comhlacht néalseirbhísí acmhainní daonna ar fáil.
Tá 1,300 duine fostaithe ag Workhuman, 600 acu i mBaile Átha Cliath, ach ní dúradh cén chaoi a gcuirfear an iomarcaíocht i bhfeidhm.
Tá an comhlacht bunaithe i mBaile Átha Cliath agus in Massachusetts.
I ráiteas, dúirt Workhuman go rachfaí i gcomhairle le fostaithe gan mhoill agus go dtabharfaí fógra chomh maith don Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.
Thug príomhfheidhmeannach an chomhlachta Eric Mosley le fios gur iomaí cúis a bhí leis an gcinneadh oibrithe a scaoileadh chun bealaigh ach níor lig sé móran air féin.
Ní dúirt sé ach go gcaithfí a bheith críonna sna cúinsí luaineacha [eacnamaíochta] atá ann faoi láthair.
D'fhógair Amazon inné go raibh siad féin le 9,000 oibrí eile in ionaid éagsúla ar fud an domhain a ligean chun siúil.
Ach oiread le Workhuman, mhaígh Amazon go ndearnadh an cinneadh i bhfianaise na héiginneachta eacnamaíochta atá ann faoi láthair.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ