Tá an ollchomhlacht ríomhthráchtála Amazon le 9,000 oibrí eile in ionaid éagsúla ar fud an domhain a ligean chun siúil.

É sin ar dhroim an 18,000 oibrí a leagadh as obair i dtús na bliana, 70 duine in Éirinn ina measc.

Tá thart ar 5,000 duine fostaithe ag Amazon in Éirinn ach níl sé soiléir an mbeidh aon duine acu thíos leis de bharr na gciorruithe is deireanaí, má bheidh.

Dúirt príomhfheidhmeannach Amazon Andy Jassy inniu gur daoine sna rannóga seirbhísí ar líne, acmhainní daonna, fógraíochta agus cluichíochta is mó a ligfear chun siúil.

Thug sé le fios mar sin féin nach raibh sé sin deimhnithe fós agus go rabhthas fós ag fanacht le scéala ó bhainisteoirí réigiúnacha.

Dúirt Andy Jassy go ndearnadh an cinneadh tuilleadh oibrithe a scaoileadh chun bealaigh mar go gcaithfeadh an comhlacht fuineadh de réir na mine i bhfianaise na héiginneachta eacnamaíochta atá ann faoi láthair.

An tseachtain seo caite, d'fhógair an ollchomhlacht teicneolaíochta Meta, máthairchomhlacht Facebook, go raibh siad féin le 10,000 fostaí eile in ionaid éagsúla ar fud an domhain a ligean chun siúil.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ