Thit luach stoc i mbainc ar na margaí airgeadais ar maidin inniu ainneoin gur tarrtháladh inné ceann de na bainc is mó san Eoraip, Credit Suisse, a bhí ar shéala loiceadh.
Cheadaigh Rialtas na hEilvéise inné do mhórbhanc eile, UBS Group, Credit Suisse a cheannach ar €3.04 billiún agus dul freagrach i gcaillteanais de €5.08 billiún.
Tá Rialtas na hEilvéise ag dul in urrús ar an socrú a rinneadh faoi théirim lena chinntiú nach loicfeadh Credit Suisse agus nach dtarraingeofaí géarchéim baincéireachta idirnáisiúnta.
Dúirt cathaoirleach UBS Colm Kelleher – ar Corcaíoch é – cé gur lá stairiúil é [ó thaobh a leithéid de shocrú de] gur lá é mar sin féin a raibh súil aige nach dtiocfadh go brách.
I bhfianaise scéal Credit Suisse, tá bainc cheannais i gcuid de na tíortha is saibhre ar domhan – an tAontas Eorpach ina measc – tagtha le chéile lena chinntiú go mbeadh bainc fós leachtach agus in ann sócmhainní a shóinseáil go hairgead tirim.
Go deimhin, tá sé geallta ag an mBanc Ceannais Eorpach go dtabharfar iasachtaí do bhainc sa limistéar euro, más gá.
Ina dhiaidh sin ar fad, tá deacrachtaí móra i gcónaí in earnáil baincéireachta na Stát Aontaithe.
Tá First Republic Bank ar forbhás fós ainneoin iarrachtaí atá bainc eile a dhéanamh teacht i gcabhair air agus airgead a chur i dtaisce ann.
Tá sé ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar nach bhfuil aon imní air faoi bhainc in Éirinn.
Deirtear go bhfuil bonn daingean faoi bhainc in Éirinn, le hais na hEilvéise, agus go bhfuil neart cúltaiscí acu.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ