Tá imní léirithe ag lucht caomhnaithe faoin dara hollthrálaer is mó ar domhan atá ag iascach amach ó chósta na hÉireann faoi láthair.
Tá sé ar chumas an Margiris suas le 250 tonna éisc a bhordáil gach lá.
142 méadar ar fhad atá an t-árthach agus tá sí ag iascach 50 muirmhíle amach ó chósta na hÉireann le seachtain anuas.
Deir grúpaí caomhnaithe agus comhshaoil go ndeineann bád dá leithéid an-damáiste do stoic éisc agus do bhithéagsúlacht na mara.
Is le comhlacht ón Isiltír an Margiris ach tá sí cláraithe sa Liotuáin.
Tharraing an bád conspóid anuraidh nuair a chuir údaráis na Fraince fiosrúchán ar bun faoi 100,000 breac marbh a sceitheadh i mBá na Bioscáine.
Ta roinnt tíortha tar éis cosc a chur ar an Margiris feidhmiú ina gcuid uiscí, an Astráil ina measc.

Deir an Dr Kevin Flannery, a bhfuil tuarascáil ar thionchar ollthrálaer curtha fé bhráid Roinn na Mara aige, go bhfuil an líon atá á tharrac ag an Magiris chomh mór le Páirc an Chrócaigh.
Deir sé go bhfuil na céadta tonnaí éisc á slogadh ag an mbád gach lá agus go bhfuil speicis nach bhfuil luachmhar á ndumpáil aici, agus ainmhithe mara eile – cosúil le deilfeanna, muca mara agus míolta móra – á marú aici.
Glacann an tÚdarás um Chosaint Iascaigh Mhara leis go mbíonn baol breise ag baint le hollthrálaeir cosúil leis an Margiris ó thaobh sárú rialacha de.
Deir an tÚdarás go bhfuilid ar an eolas fé ghluaiseachtaí an trálaeir amach ó chósta na hÉireann agus go bhfuil dianmhonatóireacht á déanamh acu uirthi.
Maíonn an comhlacht ar leis an t-árthach, Parlevliet & Van der Plas, go bhfuilid ag cloí le coinníollacha cuóta, go bhfuil áibhéil ag baint le líomhaintí fé leibhéil seachghabhála agus go bhfuil modhanna iascaigh inbhuanaithe á gcleachtadh acu.
Deir Feisire Eorpach an Chomhaontais Ghlais, Grace O'Sullivan, go bhfuil géarghá le rialacháin iascaigh nua a chuirfeadh cosc iomlán ar ollthrálaeir dá leithéid in uiscí an Aontas Eorpaigh.
Deir sí go bhfuil na báid mhóra seo ag scrios éiceachórais na mara gan trácht ar shlí bheatha iascairí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ