skip to main content

100 bliain ó cuireadh ceathrar Óglach chun báis i nDún na nGall

100 bliain ó cuireadh ceathrar Óglach chun báis i nDun na nGall
100 bliain ó cuireadh ceathrar Óglach chun báis i nDun na nGall

Céad bliain cothrom an lae inniu – díreach sular tháinig deireadh leis an Chogadh Cathartha – chuir Rialtas Shaorstát Éireann chun báis ceathrar fear i gCo Dhún na nGall i ndíol saighdiúra de chuid an tSaorstáit.

Ceathrar Mairtíreach Dhroim Bó a tugadh riamh orthu ó shin.

Bhí an ceathrar i measc ochtair ó cholún reatha Arm na Poblachta a ghabh Arm an tSaorstáit i gceantar Gaeltachta in aice le Dún Lúiche in iarthar na contae ceithre mhí roimhe sin.

I nGort an Choirce, i dteach Shíle Ní Dhúgáin as Mín Doire Dhamh i nGaoth Dobhair ó dhúchas, a stop an ceathrar oíche an 1 Samhain 1922.

Ar a seachnadh a bhí an bhuíon seo. I bhfad óna mbaile féin a bhí triúr as Co Chiarraí – an t-oifigeach ceannais sa Tuaisceart Charlie Daly, chomh maith le Daniel Enright agus Tim O'Sullivan. B'as deisceart Chontae Dhoire Seán Larkin.

Teach Shíle Ní Dhúgáin

Deir an staraí áitiúil as an Fhál Carrach, Seosamh Ó Ceallaigh, go raibh suas le 700 Óglach de chuid Arm na Poblachta ag gníomhú san iarthuaisceart – idir Doire, Tír Eoghain agus Dún na nGall – ó thús Chogadh na Saoirse go deireadh an Chogaidh Chathartha.

Deir sé go raibh cuid mhaith Óglach ar a seachnadh sa Tuaisceart agus gurbh é Charlie Daly a bhí i gceannas orthu.

Bhí an Cogadh Cathartha ag druidim chun deiridh agus bhí níos mó ná 2,400 saighdiúir de chuid an tSaorstáit sa tóir ar na hÓglaigh, a deir an Ceallach.

Ar maidin an 2 Samhain 1922, bhog an bhuíon Óglach i dtreo Bhaile na Finne thart le Mín na bPoll i gceantar Dhún Lúiche, ach ar fhaisnéis spíodóirí áitiúla, ghabh saighdiúrí an tSaorstáit iad níos déanaí an oíche sin in áit darb ainm an Dúnán.

Deir Pádraig Ó Gallchóir as Dún Lúiche go bhfuil eolas san áit gur fhan siad i dteach Uí Chanainn ar feadh cúpla uair an chloig:

"Bhí ceathrar acu i bhfolach i dteach John Sharkey, teach mo mháthar mhóir, agus teach Frank Sharkey a bhfuil a mhuintir go fóill i nDún Lúiche.

"Shíl muid gur cheart an eachtra a chomóradh 100 bliain i ndiaidh an lae ar cuireadh chun báis iad, inniu an 14 Márta 2023.

"Bhí beirt eile as an cheantar seo, Dan Coyle as na Croisbhealaí agus Frank Ward as an Mhaigh Rua ag cuidiú leo.

"An deireadh seachtaine seo caite, nocht muid leacht agus chomh maith le muintir na háite anseo, tháinig cuig dhuine is fiche de bhunadh Chiarraí chuig an chomóradh".

Tugadh na príosúnaigh phoblachtacha chuig ceannáras Arm an tSaorstáit i nDroim Bó in aice le Srath an Urláir.

Cuireadh cúirt mhíleata orthu agus ciontaíodh iad as airm a bheith ina seilbh acu gan chead.

Ainneoin gur daoradh chun báis iad, fágadh iad i bpríosún go dtí gur tharla eachtra chinniúnach tamall ina dhiaidh sin.

Ceathrar Dhroim Bó

Deir Seosamh Ó Ceallaigh gur ionsaíodh beairic Arm an tSaorstáit ar an Chraoslach oíche an 10 Márta 2023:

"Scaoileadh an Captaen Cannon as Leitir Mhic an Bhaird san ionsaí sin. Fuair sé bás.

"Chuaigh teachtaireacht go Baile Átha Cliath chuig ceannáras an tSaorstáit gur maraíodh saighdiúir eile dá gcuid agus tháinig teachtaireacht ar ais chuig an cheannasaí Joe Sweeney i nDroim Bó go gcaithfeadh sé ceathrar acu a chur chun báis.

"Ní raibh a fhios ag na príosúnaigh go dtí an 4 a chlog ar maidin an 13 Márta go raibh siad le marú".

Ainneoin achainí ó Easpaig Ráth Bhoth agus Chiarraí, níor ghéill Aire Cosanta an tSaorstáit Risteard Ó Maolchatha.

An deireadh seachtaine seo caite, cuireadh fáilte roimh ghaolta an triúr fear as Ciarraí i nDún Lúiche, áit ar nochtadh leacht ina gcuimhne.

Leacht eile i gcuimhne ar an cheathrar

Ní raibh an fear ba shine acu Charlie Daly ach 26 bliain d’aois, agus bhí an fear ab óige acu Daniel Enright 23 bliain.

Inniu, dúirt neacht le Charlie Daly, Ann Conlon, gur cuireadh fáilte mhór rompu ag nochtadh an leachta i nDún Lúiche ag an deireadh seachtaine:

"Ainneoin gur chuala sliocht Charlie na scéalta faoi chrógacht na nÓglach an uair úd, níor thuig muid go dtí anois an fíormheas a bhí ag muintir an Tuaiscirt ar na fir sin a thug a mbeatha ar son chúis na hÉireann.

Bhí trí scór dár ngaolta i láthair ag an chomóradh i gCo Dhún na nGall le cupla lá anuas".

Inniu, i Leabharlann an Dá Bhaile i Srath an Urláir, hosclaíodh taispeántas ar Mhairtírigh Dhroim Bó (atá i mBéarla amháin) faoi choimirce Chomhairle Contae Dhún na nGall agus na Roinne Turasóireachta, Ealaíon, Gaeltachta agus Spóirt.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ