Tá ollchomhlacht teicneolaíochta Meta, máthairchomhlacht Facebook, le 10,000 fostaí eile in ionaid éagsúla ar fud an domhain a ligean chun siúil.
D'fhógair an comhlacht inniu chomh maith nach líonfaí an tuairim is 5,000 folúntas atá ann faoi láthair agus go bhfógrófaí pleananna athstruchtúraithe as seo go ceann cúpla mí.
Is i mBaile Átha Cliath atá ceanncheathrú idirnáisiúnta Meta ach níl sé soiléir fós cé mar a rachas an scéal i gcion ar fhostaithe an chomhlachta in Éirinn.
I mí na Samhna seo caite, d'fhógair Meta go rabhthas le 11,000 fostaí ar fud an domhain a ligean chun siúil agus as a dheireadh ar fad bhí 300 fostaí sa tír seo ina measc.
Tá na billiúin dollar caite ag Meta ar thogra ollmhór dá gairtear an 'metaverse' ach chuir an phaindéim as dá fhorbairt ar chúiseanna éagsúla.
Dúirt an príomhfheidhmeannach Mark Zuckerberg go dtabharfadh an comhlacht tús áite i mbliana d'éifeachtúlacht thar aon ní eile.
Tá thart ar 85,000 duine fostaithe ag Meta ar fud an domhain faoi láthair.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ