Dhá chomhlacht Gaeltachta as Ciarraí a sholáthróidh an babhla agus an tseamróg a bhronnfar ar Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden sa Teach Bán Lá Fhéile Pádraig.

Deineadh coimisiúnú ar Dingle Crystal, atá lonnaithe sa Daingean i gCorca Dhuibhne, chun babhla speisialta criostail a dhearadh agus a dhéanamh le haghaidh na hócáide.

Deir an máistir gloine Seán Daly gurb iad na foirgnimh luath-Chríostaí ar Sceilg Mhichíl a bhfuil déanamh cruiceogach orthu a spreag an dearadh.

Deichniúr atá fostaithe ag Dingle Crystal agus deir an comhlacht gur mór an buntáiste margaíochta a bhaineann leis an mbronnadh sa Teach Bán.

Seán Daly

Díoltar suas le 90% den gcriostal a deintear sa cheardlann thar lear agus a fhormhórsan i Meiriceá.

Tá ceiliúradh á dhéanamh ag Seán Daly ar leathchéad bliain i mbun na ceirde i mbliana agus tá cuireadh faighte aige a bheith i láthair sa Teach Bán le haghaidh an bhronnta.

Comhlacht Gaeltachta eile i gCiarraí atá ag soláthar na seamróige a bhronnfar ar an Uachtarán Biden.

Tá siombal glas na nGael á fhás i mBaile an Sceilg ag Irish Plants International le breis agus 30 bliain.

Joe Ó Siochrú

Deir Joe Ó Siochrú gurb é George H W Bush an chéad uachtarán a ghlac le seamróg Uíbh Ráthaigh agus go bhfuil an gradam tite leo gach bliain ó shin.

Dúirt Bainisteoir Réigiúin Údarás na Gaeltachta, Dónal Ó Liatháin, gur ócáid iontach do chomhlachtaí Gaeltachta í an bronnadh Dé hAoine agus go léiríonn sé an t-ardchaighdeán agus an meas atá ar tháirgí Gaeltachta.

Dúirt sé leis go gcuireann an ócáid sa Teach Bán táirgí Gaeltachta ar ardán domhanda.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ