Tá Sceilg Mhichíl ar cheann de dheich suíomh atá roghnaithe le haghaidh mórstaidéir idirnáisiúnta atáthar le déanamh ar athrú aeráide agus mar a théann sé i gcion ar láithreáin oidhreachta.
Láithreán Oidhreachta Domhanda EOECNA is ea Sceilg Mhichíl.
Beidh leithéidí Angkor Wat sa Chambóid agus Petra san Iordáin i measc na láithreán eile a mbeidh taigdheoirí "ag faire orthu" as seo go ceann deich mbliana agus é i gcuspóir an dochar atá athrú aeráide a dhéanamh dóibh a mheas.
Is í Scelig Mhichíl an t-aon láithreán oidhreachta san Eoraip a roghnaíodh faoi thuairim an staidéir.
Beidh daoine ón bpobal áitiúil i ndeisceart Chiarraí i mbun cuid den taighde páirce agus tá an oiliúint chuí le cur orthu gan mhoill.
Dar le seandálaí ó Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste go bhfuil iargúltacht Sceilg Mhichíl ar cheann de na fáthanna a roghnaíodh í don staidéar.
Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt an Dr Will Megarry, áfach, go bhfuil an láithreán i mbaol mar gheall ar athrú aeráide agus gur ag dul i méid atá an baol.
Ar a shon sin, mhol sé Oifig na nOibreacha Poiblí as "na sároibreacha" atá déanta cheana féin ar Sceilg Mhichíl chun dul i ngleic le hathrú aeráide.
Dúirt an tAire Stáit Malcom Noonan, a bhfuil cúraimí oidhreachta air, gur onóir í don tír seo a bheith bainteach leis an staidéar idirnáisiúnta.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ