skip to main content

An Roinn Airgeadais ag faire imeachtaí i Silicon Valley Bank

Dhún rialtóirí Meiriceánacha an Silicon Valley Bank Dé hAoine nuair a rinneadh astarraingt ollmhór ar na taiscí.
Dhún rialtóirí Meiriceánacha an Silicon Valley Bank Dé hAoine nuair a rinneadh astarraingt ollmhór ar na taiscí.

Deir an Roinn Airgeadais go bhfuil siad ag coinneáil súil ar a bhfuil ag tarlú maidir le teip Silicon Valley Bank agus go bhfuil siad i dteagmháil leis na h-údaráis chuí.

"Cé gur beag de thionchar díreach atá ag teip an Bhainc ar chóras airgeadais na hÉireann, tá iasachtaí faighte ag roinnt comhlachtaí Éireannacha ó Silicon Valley Bank ó 2012," a dúirt an Roinn i ráiteas.

"Coimeádfaidh an roinn súil ar obair Chomhlacht Árachais Taiscí Feidearálacha na Stát Aontaithe - an foras stáit a bhronnann rathaíocht ar thaiscí bainc - is iad ag iarraidh SVB a dhíol, agus an tionchar a bheidh a bheidh ag a dhíol ar chomhlachtaí a raibh baint acu leis.

Dhún rialtóirí Meiriceánacha an banc Dé hAoine nuair a rinneadh astarraingt ollmhór ar na taiscí tar éis do luach na scaranna titim as a chéile.

Sa bhliain 2019, d'fhógair SVB go raibh sé i gceist acu a gcuid iasachtaí do ghnólachtai nuabhunaithe teicneolaíochta Éireannacha a mhéadú go $500m mar chuid de chomhoibriú le Ciste Infheistíochta Straitéisach na hÉireann (ISIF).

Dúirt an Ciste sin go bhfuil tuairim is $100m infheistithe i gcúig chiste infheistíochta atá faoi bhainistíocht SVB Capital, fochuideachta le Silicon Valley Bank Group.