Tá sé fógartha ag roinnt láithreoirí spóirt de chuid an BBC nach rachaidh siad ar an aer inniu, lena míshásacht a léiriú faoin tslí a bhfuil an t-eagras ag caitheamh le láithreoir Match of the Day, Gary Lineker.
Fógraíodh inné go seasfadh an t-iarpheileadóir siar ón gclár go dtí go mbeadh "comhaontú soiléir" déanta aige leis an BBC i dtaca leis na tuairimí a léiríonn sé ar na meáin shóisialta.
Bhí conspóid ann i rith na seachtaine nuair a chuir Gary Lineker an sórt cainte a úsáitear i bpolasaí tearmainn na Ríochta Aontaithe i gcomparáid le bolscaireacht Ghearmáin na Naitsithe sna tríochaidí.
Léirigh Gary Lineker a thuairim ar Twitter i ndiaidh do Rúnaí Baile na Ríochta Aontaithe, Suella Baverman, plean a nochtadh chun stad a chur le hinimircigh ag teacht trasna Mhuir nIocht i mbáid bheaga.
Tá claonadh frithrialtais curtha i leith Gary Lineker, rud a sháraíonn rialacha oibiachtúlachta an BBC.
Inniu tharraing an t-iarpheileadóir Alex Scott as an gclár Football Focus. Bhí Kelly Somers lena háit a ghlacadh, ach anois tá sé ráite aicise freisin go bhfuil sí chun baghcat a dhéanamh air. Tá lear mór aoínna anailíse agus tráchtairí i ndiaidh a dheimhniú go seasann siad le Gary Lineker agus nach mbeidh siad páirteach i gcláracha spóirt inniu, Steve Wilson, mar shampla, Alan Shearer agus Ian Wright.
Craolfar Match of the Day anocht gan láithreoir, tráchtairí ná anailísithe. Ní chuirfear agallaimh ar na himreoirí a bheas ag imirt i gcluichí inniu.