skip to main content

Mná tí na gcoláistí samhraidh sásta le rialacha nua lóistín

Bhí ganntanas 1,800 leaba i measc na gcoláistí samhraidh do chúrsaí na bliana seo caite.
Bhí ganntanas 1,800 leaba i measc na gcoláistí samhraidh do chúrsaí na bliana seo caite.

Tá mná tí Gaeltachta a choinníonn daltaí i gcoláistí samhraidh réasúnta sásta le fógra Roinn na Gaeltachta go mbeidh acu cead sé dhuine dhéag de dhaltaí a choinneáil ar lóistín sna tithe feasta, faoi rialacha nua.

Tá an ceathrú cuid de na títhe a bhíodh ag coinneáil daltaí roimh an phaindéim, ceithre bliana ó shin, tar éir éirí as.

Ó 2014 dhá dhuine dhéag ar a mhéid scoláirí a bhí ceadaithe i dtithe lóistín na gcoláistí samhraidh faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge a riarann an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meáin, ach anois beidh cead ag tithe suas le 16 scoláire a choinneáil má aontaíonn an Roinn sin leis an choláiste samhraidh roimh ré.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O'Donovan go gcuirfidh an t-athrú seo borradh faoi cheantair Ghaeltachta agus go dtabharfaidh sé deis do thithe breis ioncaim a shaothrú, chomh maith le cur ar chumas tuilleadh scoláirí freastal ar chúrsaí samhraidh.

Ó 2019 tá thart ar 150 teach, imithe as an gcóras a bhí ag cur lóistín ar fáil do choláistí Samhraidh ar fud na nGaeltachtaí éagsúla.

9 n-iarratas a rinneadh i mbliana ar Dheontas Tosaithe na bhFoghlaimeoirí Gaeilge - scéim a d'fhógair an Roinn le tuilleadh tithe lóistín a chur ar fáil do choláistí samhraidh.

Bhí cruinniú ar líne inniu idir mná tí agus Roinn na Gaeltachta chun na hathruithe a phlé agus tá fáilte curtha ag grúpa na mban tí roimh an bhfógra.

Dúirt Angela Uí Ghrifín, a chuireann lóistín ar fáil do Choláístí Chorca Dhuibhne i gCo. Chiarraí, go mbeidh sise ábalta seisear déag a choinneáil de bhrí go mbíodh an líon sin aici sular laghdaíodh é i 2014. Ach tá go leor tithe ann nach mbeidh ar a gcumas glacadh le tuilleadh, ainneoin go bhfuil méadú ag teacht ar an éileamh ar na cúrsaí samhraidh.

Creideann Angela go gcaithfidh an Roinn tuilleadh oibre a dhéanamh le mná tí nua a thabhairt isteach sa chóras agus lena chinntiú go leanfaidh na mná atá ann faoi láthair ann ar aghaidh ag coinneáil scoláirí. "B'fhéidir gur cheart don Roinn iarrachta a dhéanamh chun na mná sin a d'fhág an scéim le ceithre bliana a mhealladh arais isteach."

D'fháiltigh na mná tí chomh maith roimh fhógra na Roinne go mbeidh cead ag mná tí fanacht sa scéim nuair a bhainfidh siad aois 70 bliain d'aois amach. Chiallaigh an riail a thug an Roinn isteach roinnt blianta ó shin go gcaithfeadh bean tí éirí as a bheith ag soláthar lóistín nuair a shlánódh sí an 70 bliain.

Tuigtear go raibh ganntanas 1,800 leaba i measc na gcoláistí samhraidh do chúrsaí na bliana seo caite i 2022.