Tá srianta nua le cur ar ghníomhaíochtaí chomhlachtaí mianadóireachta i gContae an Chláir faoi choinníollacha phlean nua forbartha an chontae a aontaíodh aréir.
Is í seo an dara huair ag údarás áitiúil a leithéid de chinneadh a dhéanamh - rinne comhairleoirí i Comhairle Chontae Liatroma a macasamhail de leasuithe ar a bplean forbartha contae le déanaí.
Bhí imní léirithe ag pobal in oirthear an Chláir faoi thionchar na mianadóireachta ar a gceantar nuair a bronnadh ceadúnas sirtheoireachta agus cuardaigh ar chomhlacht i gceantar an Tulaí le gairid.
Le linn plé aréir ar an bPlean Forbartha Nua do Chontae an Chláir 2023-2029, bhailigh cuid de phobal na Tulaí le chéile taobh amuigh d'oifig na Comhairle chun a n-imní a léiriú arís eile.
Dúirt Cormac Ó Gríofa ón ngrúpa pobail 'Keep Tulla Untouched' go mbíonn ceimicí ar nós aigéad sulfúrach, cearcair agus ciainíd in úsáid sa phróiseas miandadóireachta agus go bhfuil imní ar phobal na h-áite fén dtionchar a d'fhéadfadh a bheith aige ar foinsí uisce agus agus ar chúrsaí timpeallachta na h-áite.
D'aontaigh na Comhairleoirí go gcuirfí cosc ar usáid na gceimicí sin in aon phróiseas mianadóireachta sa chontae.
Dúirt Jacinta Van Roi ó ghrúpa pobail na Tulaí go raibh dea-thoradh ar a gcuid iarrachtaí. "Is bua é seo do ghluaiseacht bheag pobail chun ár gcuid uisce agus ár dtimpeallacht a chaomhnú", a dúirt sí.
Caithfear Plean Forbartha an Chontae a chur faoi bhráid Oifig an Rialálaí Pleanála anois sular dtiocfaidh sé i bhfeidhm.
Deire