skip to main content

Cosc curtha ag Rialtas na Beilge ar TikTok ar fhóin oifigiúla

Mairfidh an cosc sé mhí, ar a laghad.
Mairfidh an cosc sé mhí, ar a laghad.

Tá cosc curtha ag Príomh-aire na Beilge ar státseirbhísigh sa tír sin TikTok a úsáid ar a bhfóin oibre.

D'fhógair Alexander De Croo inniu go mbeidh feidhm leis an chosc ar an aip Shíneach go ceann sé mhí, ar a laghad.

Is de bharr anailíse ar bhaol spíodóireachta ó údaráis na Síne ar chórais agus ar ghníomhaireachtaí fáisnéise na Beilge a chinn Rialtas na Beilge an cosc a chur i bhfeidhm.

Tá cosc curtha ag tíortha eile san Eoraip ar oibrithe san earnáil phoiblí úsáid a bhaint as TikTok ar a ngutháin oibre.

Tá faitíos orthu go mbainfidh údaráis Béising leas as an ghréasán sóisialta le h-eolas íogair a bhailiú faoina lucht úsáidte.

Le gairid d'ordaigh forais de chuid an Aontais Eorpaigh dá gcuid fostaithe an t-aip a bhaint dá gcuid fóin agus ríomhairí oibre.

"Ní ceart dúinn a bheith saonta: is gnó Síneach é TikTok a bhfuil dualgas air comhoibriú le seirbhísí fáisnéise na Síne, a dúirt Alexander De Croo.

"Sin í fírinne an scéil."

Ní bhaineann an cosc le úsáid TikTok ar ghutháin phearsanta na státseirbhíseach, na dteachtaí parlaiminte ná na n-airí rialtais.

Is leis an chomhlacht Síneach ByteDance an t-aip TikTok.