skip to main content

Polasaí ticéad CLG: "leatrom ar dhaoine aosta"

Cluiche Ceannais Peile na hÉireann 2022, Páirc an Chrócaigh
Cluiche Ceannais Peile na hÉireann 2022, Páirc an Chrócaigh

Tá iarrtha ag eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar son daoine aosta ar Chumann Lúthchleas Gael dul siar ar a bpolasaí gan glacadh le hairgead tirim mar tháillí geata.

Dúirt an eagraíocht Scor Gníomhach Éireann nach mbeidh daoine aosta nach bhfuil áiseanna baincéireachta ar líne acu ábalta freastal ar chluichí an Chumainn má leantar ar aghaidh ag diúltú airgead tirim mar íocaíocht.

Dála cuid mhór eagraíochtaí eile, chuir CLG polasaí úr ticéad ar líne i bhfeidhm le linn na paindéime.

Caithfear na ticéid a cheannach roimh ré go leictreonach, nó i gcás cluichí idirchontae i siopaí Supervalu agus Centra, é sin nó ó na cumainn áitiúla agus na boird chontae.

Dar leis an Chumann go gcuireann an córas seo ar a gcumas bainistiú níos éifeachtaí a dhéanamh ar na páirceanna agus ar áiseanna lá an chluiche.

Ciallaíonn sé fosta nach mbíonn an oiread oibrithe deonacha de dhíth le maoirseacht a dhéanamh ar láimhseáil airgid agus go laghdaíonn sé an baol a bhaineann le hairgead a iompar.

Deir siad fosta go gcuidíonn sé leo an lucht leanúna a bhainistiú de bhrí go mbíonn eolas cruinn acu roimh ré faoin líon ticéad atá díolta.

Sa Dáil inné, cháin Teachtaí Dála ó Ghrúpa Neamhspleáigh na Tuaithe polasaí CLG gan glacadh le cárta ná airgead tirim ag na geataí lá an chluiche.

Dúirt an Teachta Michael Healy Rae gur cheart go mbeadh dualgas de réir dlí ar CLG glacadh le hairgead tirim.

Creideann lucht an fheachtais dá ngairtear CLG do Chách go mbeidh daoine aosta thíos go mór leis.

Dúirt Nodlaigh Ní Bhrollaigh, duine den lucht feachtais, gur léir go bhfuil an polasaí seo ina chonstaic ag daoine a bheith páirteach in imeachtaí an Chumainn, rud "atá ag sárú mheon na heagraíochta."atá ag

Dúirt sí go bhfuil daoine á gcoinneáil amach ó imeachtaí CLG, "go háirithe iad siúd atá ag dul amach i mblianta agus ag fanacht sa bhaile. Tugadh seo isteach i rith na paindéime nuair nach raibh daoine ag iarraidh a dhul amach ná a bheith ag láimhseáil airgid. Ach tá daoine anois ag iarraidh a bheith i measc an phobail arís agus páirteach sa tsaol."

Dúirt sí go bhfuil daoine aosta nach bhfuil áiseanna baincéireachta ar líne ná fóin chliste acu, go bhfuil siad ag dul chuig an teach tábhairne leis na cluichí a fheiceáil.

Ach chonaic sí fosta le gairid, arsa sí, nach raibh daoine óga ábalta a bheith i láthair ag cluichí idir scoileanna de bhrí nach raibh ar a gcumas íoc as ticéad go leictreonach.

Ach creideann daoine eile go gcaithfidh an Cumann Luthchleas Gael cloí leis an chóras úr.

Dúirt Tadhg Ó Conghaile, iarchathaoirleach Bhord Peile Chontae na Gaillimhe, gur féidir cabhrú leo siúd nach bhfuil fáil acu ar chóras baincéireachta ar líne:

"B’fhéidir nár cuireadh an pobal ar an eolas i gceart faoin gcóras nua", ar sé, "ach is féidir freastal ar gach duine ar bhealaí eile."

Dúirt CLG le Nuacht RTÉ tráthnóna go bhfuil fíorbheagán gearán faighte acu faoin pholasaí ticéad.

Dúradh go bhfuil roghanna eile ar fáil ag daoine le ticéid a cheannach roimh ré, agus i gcás cluichí clubanna ag leibhéal contae gur faoi Bhord an Chontae atá sé a rogha polasaí a chur i bhfeidhm agus glacadh le hairgead tirim más mian leo.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ