Tá gníomhaithe comhshaoil ag éileamh go gcuirfí deireadh le coinníollacha deontais a spreagann feirmeoirí chun tinte a lasadh ar shléibhte.
B'éigean dos na seirbhísí dóiteáin i gCiarraí agus i gCorcaigh 177 tine sléibhe a cheansú le deich seachtaine anuas.
Fén Acht um Fhiadhúlra 1976, ceadaítear tinte sléibhe ó dheireadh Lúnasa go tosach an Mhárta ach iad a choimeád fé smacht.
Deir feirmeoirí go mbíonn orthu na tinte a lasadh chun cloí le coinníollacha deontais.
Deir John Joe Mac Gearailt ó Chumann Feirmeoirí Sléibhe agus Natura na hÉireann go ngearrtar pionóis ar fheirmeoirí má mheasann cigirí talún go bhfuil an iomarca fraoigh agus aitinn ag fás ina ngabháltais sléibhe.
Deir sé go gcaithfear na cnoic a dhó chun a n-íocaíochtaí talmhaíochta a chosaint.
Deir an Dr Peadar Ó Fionnáin, ball den gComhaontas Glas, go bhfuil drochpholasaithe talmhaíochta ag spreagadh feirmeoirí chun díobháil a dhéanamh don dtaobh tíre.
Deir sé go ndeineann na tinte ana-dhamáiste don bhfiadhúlra agus do bhithéagsúlacht, agus gur chóir deireadh a chur leis an gcleachtas.
D’fhreastail Seirbhís Dóiteáin Chorcaí ar 89 tine sléibhe idir an 1 Eanáir agus an 1 Márta, an lá ar tháinig deireadh leis an dtréimhse ina gceadaítear dó ar na cnoic.
B’éigean do Sheirbhís Dóiteáin Chiarraí 88 tine sléibhe a cheansú sa tréimhse chéanna.

Deir Gardaí sa Daingean go bhfuil fiosrúchan ar bun maidir le tine sléibhe ar Chruach Mhárthain i gCorca Dhuibhne an tseachtain seo caite.
Dódh na scórtha acraí ar an gcnoc nuair a d’imigh an tine ó smacht agus b’éigean do thrí aonad dóiteáin tabhairt fén dtine a cheansú mar go raibh roinnt tithe i mbaol.
Dódh polla leictreachais a bhí ag soláthar cumhachta do chrann mór cumarsáide agus dódh go leor staiceacha adhmaid agus sreang na bhfeirmeoirí.
Deir Ciarán Feirtéar, go bhfuil talamh aige ar thaobh Dhún Chaoin den gcnoc, go ndódh breis agus 600 staic adhmaid air, maraon le 50 rolla sreang caorach.
Deir sé go gcosnóidh sé suas le €10,000 air a chuid teorainneacha a dheisiú.
Deir an tSeirbhís Náisiunta Páirceanna agus Fiadhúlra go bhfuil monatóireacht héileacaptair agus dróin á déanamh acu fé láthair.
Bhí go leor tinte lasta i limistéir atá fé chosaint speisialta le seachtainí beaga anuas agus suas le 6,000 acra dóite.
Deir an tSeirbhís go gcuirfear an dlí ar éinne a lasann tine mhídhleathach agus tugadh le fios go bhfuil 60 cás a bhaineann le dó mídhleathach fé bhráid na gcúirteanna i láthair na huaire.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ