Ceithre ainmniúchán déag atá faighte ag lucht scannánaíochta na hÉireann do na Gradaim Oscar i mbliana.
Naoi n-ainmniúchán atá faighte ag The Banshees of Inisherin – ainmniúcháin don scannán is fearr agus don aisteoir is fearr ina measc.
Tá beirt de na haisteoirí ainmnithe don aisteoir tacaíochta is fearr, agus tá fear de bhunadh Leitir Meallain i gConamara – Martin McDonagh – ainmnithe don script scannáin is fearr agus don stiúrthóir is fearr.
Is ar a bhfuil i ndán don scannán An Cailín Ciúin atá go leor daoine ag díriú.
Is tríd an scéim Cine4 – scéim de chuid TG4 – Údarás Craolacháin na hÉireann agus Fís Éireann,a coimisiúnaíodh an scannán.
Ag labhairt dó i Los Angeles le Nuacht RTÉ, dúirt Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont gurbh fhiú an deis a thug An Cailín Ciúin don chineama in Éirinn a thapú agus gur mhian leis féin cineama na Gaeilge a fhorbairt:
"Tá gach tír san Eoraip ag déanamh infheistíocht ina dteanga féin.
"Níor tharla sé in Éirinn ach de réir a chéile, le Cine4, tá sé ag tarlú.
"Ach ba mhaith liom go bhfeadfaí breathnú freisin – chomh maith le Cine4 – ar scannáin le buiséad ceart mar The Banshees of Inisherin agus All Quiet on the Western Front."
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ