Tá sé dearbhaithe ag an gcomhlacht meáin shóisialta TikTok gur i mBaile Átha Cliath a bhunós siad a ndara hionad sonraí in Éirinn.
Is i mBaile Átha Cliath atá an t-ionad eile chomh maith.
Tá conspóid ag baint leis an scéal, áfach, ós comhlacht Síneach é TikTok, agus tá imní ar na húdaráis san Eoraip agus i dtíortha an Iarthair trí chéile go bhfuil an comhlacht faoi anáil Rialtas na Síne agus go bhfuil sé mar Chapall Adhmaid na Traí.
Go deimhin, tá fiosrúchán ar bun agus beagnach críochnaithe ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí Helen Dixon faoi shonraí a sheol TikTok chun na Síne.
Inné féin, phléigh Helen Dixon an scéal le hionadaithe ón Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála.

Ina cheann sin, tá sé ráite ag an Aire Dlí agus Cirt Simon Harris go raibh comhairle úr slándála maidir le TikTok lorgtha ag an Rialtas.
Tá guthaíocht mhór ag an Rialtas ar an gceist ós sa tír seo atá ceanncheathrú Eorpach TikTok, agus tá thart ar 3,000 duine fostaithe ag an gcomhlacht in Éirinn.
Coicís ó shin, chuir forais an Aontais Eorpaigh cosc ar fheidhm a bhaint as TikTok ar ghléasanna oifigiúla le teann faitís go gcibearghoidfí sonraí nó go ndéanfaí cibearfheall de chineál eile.
Mhaígh TikTok go raibh cinneadh seo an Aontais Eorpaigh místuama agus gur míthuiscint ba bhun leis.

I bhfianaise na gceisteanna seo ar fad, agus de ghrá an réitigh, d'fhógair TikTok inniu go raibh siad le beartais nua slándála a thabhairt isteach.
Thug an comhlacht le fios go gcoinneofaí i dtaisce sonraí úsáideoirí Eorpacha sa dá ionad i mBaile Átha Cliath agus in ionad eile in aice le príomhchathair na hIorua, Osló.
Comhlacht slándála nach bhfuil aon bhaint acu le TikTok a bheas i bhfeighil na dtrí ionad sonraí sin, a dúradh.
Baintear earraíocht as TikTok le físeáin ghearra a roinnt ar líne agus tá an-tóir ag an aos óg go háirithe ar an aip.
Bunaíodh TikTok i mBéising in 2016 agus tá na céadta milliún úsáideoir acu san Eoraip, gan an chuid eile den domhan a bhac.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ