Tá reifreann ar chomhionannas inscne gairmthe ag an Rialtas.
Foilseoidh grúpa idir-rannach moltaí maidir leis na leasuithe cuí bunreachtúla faoi dheireadh an Mheithimh agus beidh an reifreann ar siúl i mí na Samhna.
Rinneadh an cinneadh an reifreann a ghairm i bhfianaise ar mhol an Tionól Saoránach um Chomhionannas Inscne dhá bhliain ó shin.
Mhol an Tionól Saoránach Airteagail 40 agus 41 de Bhunreacht na hÉireann a leasú, agus a bhfuil ráite iontu faoin mbean sa teaghlach a bhaint amach agus foclaíocht úr a chur ina ionad.
Moladh freisin tagairt shoiléir a dhéanamh sa Bhunreacht feasta do chomhionannas inscne agus do neamh-idirdhealú.
Bunaíodh coiste speisialta Oireachtais lena raibh molta ag an Tionól Saoránach a chíoradh agus chríochnaigh na baill a gcuid oibre i ndeireadh na bliana seo caite.
Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go raibh an tagairt do mhná in Airteagail 40 agus 41 seanchaite.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ