Tá sé ráite ag an Ombudsman do Leanaí Niall Muldoon go bhfuil imní air faoi chinneadh an Rialtais deireadh a chur leis an gcosc atá ar dhíshealbhú tionóntaí faoi láthair ag deireadh na míosa seo.
Ba le cuidiú le daoine dul i ngleic le srianta dianghlasála le linn na paindéime a tugadh isteach cosc ar dhíshealbhú a chéaduair.
I gcruinniú aréir, ámh, chinn triúr ceannairí an Rialtais agus an tAire Tithíochta Darragh O'Brien, chinn siad deireadh a chur leis an gcosc i ndeireadh an Mhárta.
Beidh cead ag roinnt tionóntaí fanacht ina n-árais chónaithe go ceann trí mhí eile ina dhiaidh sin mar, faoi reachtaíocht atá i bhfeidhm cheana féin, is de réir a chéile a chaithfear deireadh a chur leis an gcosc ar dhíshealbhú.

Dúirt an tOmbudsman do Leanaí go raibh imní air faoin gcinneadh mar go raibh sé tugtha le tuiscint go mion minic ag an Rialtas, dar leis, go rabhthas le tús áite a thabhairt do pháistí nach bhfuil aon áras cónaithe acu agus go rabhthas mionnaithe an fhadhb a réiteach.
3,500 páiste atá gan áras cónaithe sa Stát faoi láthair, agus ní hamháin gur chóir cóiríocht bhuan a chur ar fáil dóibhsean ach ba chóir gan tuilleadh páistí fós a chur san ainriocht céanna, arsa Niall Muldoon.
Dúirt John-Mark McCafferty ón eagraíocht tacaíochta do thionónotaí Threshold, dúirt sé gur chreid sé féin go mbeadh tuilleadh daoine fágtha gan áras cónaithe, go ceann scaithimh ar a laghad, mar gheall ar chinneadh an Rialtais deireadh a chur leis an gcosc ar dhíshealbhú.
Ní bheidh aon áit eile le dul ag daoine ó tá lóistín éigeandála na n-údarás áitiúil nach mór lán cheana féin, ar sé.
Ar a shon sin, a dúirt sé, ní féidir cosc ar dhíshealbhú a bheith ann go brách ach is margadh cóir tithíochta sa tír seo a theastaíonn i ndáiríre chun an fhadhb a réiteach.
Tá cinneadh an Rialtais cáinte ag Sinn Féin chomh maith.
Dúirt urlabhraí tithíochta an pháirtí Eoin Ó Broin gur cinneadh "náireach agus míthrócaireach" a bhí ann agus go mbeadh tuilleadh daoine fágtha gan áras cónaithe dá bhíthin.
Beidh níos mó daoine ag codladh amuigh agus ní bheidh an dara rogha ag daoine a bhfuil páistí acu ach an oíche a chaitheamh i stáisiúin Ghardaí.
Níl de réiteach ar an bhfadhb i bhfad na haimsire, arsa Eoin Ó Broin, ach tuilleadh tithíochta sóisialta agus inacmhainne a chur ar fáil.
Is ag labhairt ar RTÉ inniu a bhí Niall Muldoon, John-Mark McCafferty agus Eoin Ó Broin.

Os a choinne sin ar fad, dúirt ceannaire an Chomhaontais Ghlais an tAire Éamon Ryan gur cuireadh deireadh leis an gcosc ar dhíshealbhú mar go bhfuil taobh tuathail leis an scéal.
Mhaígh sé go raibh imní ar an Rialtas go bhféadfadh an cosc tiarnaí talún a chur ó dhoras.
Mura mbeadh dóthain tiarnaí talún ann, bheadh tuilleadh daoine fós gan áras cónaithe agus d'ardófaí cíos chomh maith, a dúirt sé.
Thug Éamon Ryan le fios freisin nár scéal an fhíona faoi lár é agus go raibh rún ag an Rialtas beartais nua a thabhairt isteach le tionóntaí a chosaint.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ