skip to main content

DUP le painéal a bhunú chun comhairle a chur ar an bpáirtí faoi Chreat Windsor

Ceannaire an DUP Jeffrey Donaldson (sa lár)
Ceannaire an DUP Jeffrey Donaldson (sa lár)

Tá an DUP le painéal a bhunú chun comhairle a chur ar an bpáirtí faoi Chreat Windsor.

Dúirt ceannaire an DUP Jeffrey Donaldson go gcíorfadh an t-ochtar a bheas ar an bpainéal a bhfuil i gCreat Windsor agus go gcuirfidís tuarascáil faoi bhráid cheannasaíocht an pháirtí faoi cheann míosa.

Beidh iarcheannairí an DUP Arlene Foster agus Peter Robinson ar an bpainéal, a dúirt sé.

Thug Jeffrey Donaldson le fios go mbeadh "smaointeoirí neamhspleácha a bhfuil stádas acu i measc an phobail trí chéile" ar an bpainéal chomh maith.

Is cosúil, áfach, gur ionadaithe tofa de chuid an DUP, nó daoine atá bainteach leis an bpáirtí, a bheas sna baill eile den phainéal agus gurb é an pobal aontachtach amháin atá i gceist.

Is é Creat Windsor atá baiste ar an margadh nua Breatimeachta a rinne an tAontas Eorpach agus Rialtas na Breataine an tseachtain seo caite.

Faoi fhorálacha Chreat Windsor, chuirfí ar ceal bacainní trádála idir an Bhreatain agus an Tuaisceart, agus cheadófaí do pholaiteoirí i dTionól Stormont dlíthe áirithe an Aontais Eorpaigh a chrosadh i gcúinsí áirithe.

Dúirt Jeffrey Donaldson go ndéanfadh painéal an DUP anailís agus miondealú ar a bhfuil sa mhargadh ó thaobh cúrsaí dlí de lena shoiléiriú go barainneach cén sórt caidrimh trádála a bheadh idir an Tuaisceart agus an Bhreatain dá gcuirfí i bhfeidhm é.

Rinneadh an margadh le súil go nglacfadh an DUP leis agus go nglacfaidís páirt arís i dTionól agus i bhFeidhmeannas Stormont atá ar fionraí le bliain.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ