Tá an ollchomhlacht teicneolaíochta Microsoft le 60 fostaí eile in Éirinn a ligean chun siúil.
D'fhógair an comhlacht i dtús na míosa seo caite go rabhthas le 120 duine sa tír seo a ligean chun siúil ach dearbhaíodh inniu gur 180 a bheas i gceist.
Tá barr ar 3,500 duine fostaithe ag Microsoft in Éirinn – a mbunáite i rannóga oibríochtaí, díolachán, innealtóireachta agus forbartha táirgí an chomhlachta.
I dtús na bliana, thug Microsoft le fios go raibh rún ag an gcomhlacht 10,000 fostaí a ligean chun siúil in ionaid éagsúla ar fud an domhain faoi dheireadh na bliana seo.
Ag an am, mhaígh príomhfheidhmeannach an chomhlachta Satya Nadella "tar éis go raibh custaiméirí ag iarraidh níos mó ama a chaitheamh sa saol digiteach, go raibh siad ag iarraidh ag an am céanna níos lú airgid a chaitheamh air".
Tá an earnáil teicneolaíochta sna Stáit Aontaithe ag cúlú agus tá oibrithe á ligean chun siúil ag na comhlachtaí is mó le roinnt míonna – leithéidí Twitter, Meta, Stripe, Amazon, Intel, Google, Salesforce, PayPal, HubSpot agus Dell, chomh maith le Microsoft.
Baineann an scéal leis an rófhás a deirtear a tháinig le roinnt blianta ar an earnáil teicneolaíochta idirnáisiúnta.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ