skip to main content

Fear á cheistiú faoi mharú fir scothaosta i gCo Mhaigh Eo

Láthair an mharaithe, Cnoc an Phiasúin, Co Mhaigh Eo
Láthair an mharaithe, Cnoc an Phiasúin, Co Mhaigh Eo

Tá fear á cheistiú ag na Gardaí faoi mharú fir sna hochtóidí a lámhachadh i dteach i gCaisleán an Bharraigh, Co Mhaigh Eo, inné.

Is iad na seirbhísí dóiteáin a tháinig ar chorp John Brogan ina theach cónaithe, a bhí curtha trí thine, i mbaile fearainn Chnoc an Phiasúin tuairim is sé chiliméadar siar ó dheas ó Chaisleán an Bharraigh ag 6.30 tráthnóna inné.

Is cosúil gur lámhachadh é roinnt uaireanta.

Go gairid ina dhiaidh sin, gabhadh fear sna seascaidí ar amhras go ndearna sé dúnmharú agus tá sé á cheistiú i Stáisiún Gardaí Chaisleán an Bharraigh ó shin.

Fear singil 83 bliain d'aois agus athfheirmeoir ab ea John Brogan, agus bhí sé ina chónaí ina aonar.

Tá scrúdú dlí-eolaíochta á dhéanamh ar láthair an mharaithe ag foireann Bhiúró Teicniúil an Gharda Síochána inniu, agus tá Paiteolaí Stáit le réamhscrúdú iarbháis a dhéanamh ar an gcorp.

Bhí líomhaintí faoi mhí-úsáid a rinneadh in aghaidh John Brogan fiosraithe ag na Gardaí le gairid.

Tuigtear gur bhain na líomhaintí le cionta a deirtear a rinneadh le fiche éigin bliain anuas.

I bhfianaise fhiosrúchán na nGardaí, chinn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poilbí John Brogan a chúisiú agus a thabhairt os comhair cúirte.

Ní raibh sé ciontaithe in aon cheann de na cionta a raibh sé cúisithe iontu nuair a maraíodh é.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ