Tá sé tugtha le fios ag an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta do Nuacht RTÉ gur cheadaigh an Rialtas maolú ar smachtbhannaí atá i bhfeidhm i gcoinne na Rúise ar dheich n-ócáid anuraidh.
Chuir ballstáit an Aontais Eorpaigh agus suas le 30 tír eile smachtbhannaí ar an Rúis mar gheall ar an ionradh ar an Úcráin.
Ina measc sin, tá bac ar bháid faoi bhrat na Rúise teacht isteach i gcalafoirt na hEorpa.
Faoi reachtaíocht na hEorpa, is féidir maolú a lorg ar na smachtbhannaí i gcásanna áirithe.
Thug an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta le fios, áfach, gur ceadaíodh do bháid lastais faoi bhrat na Rúise teacht isteach i gcalafoirt na tíre seo ar cheithre ócáid.
Dúirt an Roinn gur ar chomhairle ón Roinn Talmhaíochta a ceadaíodh na maoluithe seo agus gur tairgí talmhaíochta agus bia a bhí i gceist.
Bhain na sé ócáid eile le scéim pinsin agus le heasportálacha chun na Rúise.
Tá na maoluithe seo cáinte ag an Seanadóir Neamhspléach Gerard Craughwell, áfach:
"Tá na smachtbhannaí i bhfeidhm in iarracht deireadh a chur leis an gcogaíocht agus athrú meoin a chur i bhfeidhm orthusan sa Rúis atá freagrach as.
"Baineann na maoluithe seo an faobhar de na smachtbhannaí agus níor cheart iad a iarraidh ach sa chás go bhfuil géarghá le hearraí nó seirbhísí".
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ