skip to main content

Feachtas úr seolta ag teaghlach fir ar mharaigh an RUC é i 1973

Michael Leonard
Michael Leonard

Inniu i dTeach Laighean, sheol teaghlach as Paiteagó i gCo Dhún na nGall feachtas nua le go mbunófaí fiosrúchán iomlán faoi mharú fir óig ansin 50 bliain ó shin.

Ar an 17 Bealtaine 1973, mharaigh patról ón RUC Michael Leonard, a bhí 24 bliain d'aois, gar don teorainn idir Fear Manach agus Dún na nGall.

Níor ciontaíodh aon duine ina mharú ariamh.

Dúirt an RUC ag an am gur tiomanaí dícháilithe a bhí in Michael Leonard agus gur lean siad é nuair a chonaic siad é ag imeacht leis i gcarr i ndiaidh dó teacht amach as siopa.

Ag coiste cróinéara i 1973, dúirt cigire ón RUC gur scaoil póilín urchar amháin leis an fhear óg de thaisme i Leitir atá cúpla cead slat isteach thar theorainn Fhear Manach.

Rialaigh an coiste cróinéara úd gur bás de bharr míthapa a fuair Michael Leonard.

An áit ar maraíodh Michael Leonard ar an 17 Bealtaine 1973

Léirigh fiosrúchán a rinne an staraí Ciarán Mac Airt ón ghrúpa Paper Trail i gcomhar le col ceathrar Michael Leonard, an tAthair Joe McVeigh, gur trí urchar a scaoileadh leis an fhear óg.

Dúirt an Teachta Dála Pearse Doherty ó Shinn Féin inniu go bhfuil an teaghlach ag iarraidh go mbeadh fiosrúchán ceart ann faoi mharú Michael Leonard; go gcúiseofaí na daoine a scaoil na hurchair a mharaigh é; agus go gcuirfí an cheist ar a súile do Rialtas na Breataine.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ